
BorrowBox
An raibh a fhios agat go dtig leat rochtain a fháil anois ar ríomhleabhair, closleabhair, nuachtáin agus irisí go léir in aon áit amháin? Tá tú clúdaithe ag Borrowbox!
Cuireann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall líonra leabharlann agus réimse acmhainní ar líne agus pearsanta ar fáil atá dírithe ar shaol an phobail a spreagadh agus a fheabhsú.
Tá scoileanna lárnach i bpobal rathúil ar bith agus tá sé mar aidhm ag Leabharlann Chontae Dhún na nGall tacú le scoileanna, múinteoirí agus daoine óga trí spásanna foghlama, rochtain ar fhaisnéis ardchaighdeáin, agus acmhainní teagaisc agus foghlama a sholáthar i dtimpeallacht shábháilte agus thacúil.
Tá rochtain ar leabhair ar an fhachtóir is tábhachtaí i bhforbairt léitheoireachta linbh agus déanaimid ár ndícheall grá agus meas ar leabhair a spreagadh agus a chothú trí réimse clár agus dreasachtaí litearthachta teaghlaigh. Áirítear orthu seo:
• Seachtain Na Gaeilge
• Spring into Storytime
• Réaltaí an tSamhraidh
• Am Teaghlaigh ag do Leabharlann
• Wainfest Children’s Arts and Book Festival
• Seachtain na hEolaíochta
• Mo Leabharlann Bheag – tá ‘My Little Librart Book Bag’ ar fáil saor in aisce d'achan leanbh atá ag tosú ar scoil le cuidiú leo ullmhú don chéim mhór seo.
• Cath na Leabhar – dúshlán léitheoireachta do dhaltaí bunscoile atá ar fáil in áiteanna áirithe.
Amharc ar an Fhéilire Imeachtaí lenaa fháil amach cad iad na himeachtaí poiblí atá ar siúl in aice leat ionas gur féidir leat iad a mholadh do thuismitheoirí.. I gcás scoileanna, beidh leabharlanna i dteagmháil leat go díreach do do chur ar an eolas faoi na rudaí atá ag tarlú i do leabharlann áitiúil agus ag tabhairt an deis duit páirt a ghlacadh.
Tá réimse acmhainní i bhfeidhm ag Leabharlann Chontae Dhún na nGall le tacú le rannpháirtíocht sna tionscnaimh iontacha seo agus iad a spreagadh. Tig le baill den leabharlann rochtain a fháil ar réimse acmhainní ar líne saor in aisce atá oiriúnach do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áirítear
Cuirtear leis an réimse leathan leabhar agus acmhainní atá ar fáil sa bhrainse na tacaíochtaí fairsinge ar líne a chuireann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar fáil.
Tig le Baill den Leabharlann:
• Earraí a fháil ar iasacht ó leabharlann ar bith i nDún na nGall agus iad a thabhairt ar ais chuig aon leabharlann atá áisiúil dóibh iad.
• Iasachtaí a athnuachan ar líne nó ábhar digiteach a fháil ar iasacht.
• Ní ghearrtar fíneálacha ar earraí atá mall á dtabhairt ar ais.
Do Mhúinteoirí agus Soláthraithe Cúram Leanaí:
• Rogha iasachtaí níos mó a ghlacadh ar feadh tréimhse níos faide (40 leabhar ar feadh 84 lá), níl le déanamh ach litir ón scoil a thabhairt chuig do bhrainse áitiúil.
• Tig le múinteoirí tairbhe a bhaint astacair ranganna d'ábhar léitheoireachta as Béarla agus Gaeilge, Pictiúrleabhair agus Leabhair Mhóra.
• Tá leabhair labhartha agus dlúthdhioscaí d’amhráin, de rímeanna agus de scéalta ar fáil fosta.
• Seirbhís bailiúcháin leabhar ar fáil trí theagmháil a dhéanamh le foireann na leabharlainne roimh ré le go mbeidh leabhair réidh le bailiú.
• Is seirbhís seachadta leabhar í Bite Size Books atá ar fáil i gceantair áirithe.
• Tá Leabharlann Chontae Dhún na nGall bródúil as a tiomantas do theicneolaíocht chuimsitheach a sholáthar, atá ar fáil d'achan duine. Amharc ar rannóg seirbhísí ionchuimsitheacha lena fháil amach cad é atá ar fáil ag achan suíomh.
Ceiliúradh teanga í a léamh
Tá sé mar aidhm ag an acmhainn seo ó Leabharlann Chontae Dhún na nGall agus Leabhair Pháistí Éireann tacú le daoine fásta, bíodh sin ina dtuismitheoirí, ina gcaomhnóirí, ina múinteoirí agus ina ndaoine eile, ionas go dtig leo leabhair Gaeilge a chomhroinnt leis na daoine óga ina saol.
Dírítear sa phacáiste acmhainní ar chúig leabhar déag ardchaighdeáin do léitheoirí ó 0 go 18 mbliana d’aois, le ceisteanna, dúshláin agus gníomhaíochtaí a chuirfidh ar a gcumas dul i ngleic leis na scéalta níos mó. Tá an acmhainn seo agus na gníomhaíochtaí uile atá ann le híoslódáil saor in aisce anseo: Ceiliúradh teanga í a léamh.
Tá achoimre ar achan leabhar ann mar aon le gluais do leabhair áirithe chomh maith le heolas faoin údar agus faoin mhaisitheoir (i gcás inarb infheidhme). I measc na gceisteanna tá ceisteanna ina bhfuil tuar i gceist a ligeann don léitheoir machnamh a dhéanamh ar a dtiocfaí a bheith sa leabhar sula dtosaíonn siad á léamh, ceisteanna faoin scéal féin agus gníomhaíochtaí spreagúla, cruthaitheacha a mbeidh na daoine óga in ann dul i mbun nuair a bheidh an leabhar críochnaithe. Faoi ‘Tuilleadh acmhainní’ tá naisc chuig gníomhaíochtaí ar líne (ón fhoilsitheoir mar shampla) agus moltaí léitheoireachta breise dóibh siúd a bhain an-taitneamh as an leabhar.
Tá tríocha cóip de gach leabhar sa phacáiste acmhainní ar fáil le hiasacht ag scoileanna i nDún na nGall agus tig iad seo a ordú óna leabharlann áitiúil.
Cuairteanna Ranga
Cuirtear fáilte i gcónaí roimh chuairteanna ó ranganna ar an leabharlann agus is bealach iontach iad le seirbhísí leabharlainne a chur i láthair leanaí agus daoine óga. Cuireann foireann na leabharlainne fáilte chroíúil rompu, míníonn siad gach a bhfuil ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga ina leabharlann áitiúil, agus an dóigh le rochtain a fháil orthu. Cuidíonn cuairteanna ar an leabharlann le léitheoireacht a chur chun cinn agus a spreagadh chun pléisiúir agus mar mhodh féinfhorbartha. Thar rud ar bith eile, áfach, baineann siad an-sult as cuairteanna ar an leabharlann! Mínigh don fhoireann an cuspóir atá le do chuairt, agus tig í a oiriúnú do do riachtanais.
Le cuairt a shocrú déan teagmháil le do leabharlann áitiúil nó thig linn socrú a dhéanamh go rachaidh leabharlannaí ar cuairt ar do scoil. Molaimid go láidir é seo a chur in áirithe roimh ré.
Faigh amach inniu an dóigh le ballraíocht a ghlacadh.