Skip to main content Skip to main content

Scileanna don Saol

Ar Ais go Seirbhísí

Cuireann Scileanna ar Feadh an tSaoil deiseanna ar fáil do gach duine agus téamaí idir lámha aige a bhfuil tionchar acu ar ghnáthshaoil daoine, idir úsáideoirí leabharlainne atá dírithe ar scileanna praiticiúla a fhorbairt agus lucht cuardaitheora fostaíochta agus foghlaimeoirí aosta atá ag teacht ar acmhainní chun críocha fostaíochta agus tuiscint litearthachta. Is féidir le grúpaí pobail agus seirbhísí tacaíochta caidreamh a bhunú le leabharlainne agus is féidir le ról a bheith ag Scileanna ar Feadh an tSaoil, agus iad a cabhrú lena mball muinín agus neamhspleáchas a chothú agus is féidir le haosaigh óga tacaíocht a fháil agus iad ag dul i ngleic leis an saol nua-aimseartha agus ábhair ar nós na meán agus feasacht sláinte agus digiteacha idir lámha acu. Daingníonn Scileanna ar Feadh an tSaoil ról na leabharlann mar áiteanna fáilteacha le haghaidh na foghlama, an chumasaithe agus an fhoráis phearsanta.

Cuireann an clár Scileanna ar Feadh an tSaoil tacaíocht phraiticiúil ar fáil ar feadh sé réimse praiticiúla:

  • Ag tacú le daoine aonair scileanna digiteacha bunúsacha a fhorbairt a fhreastalaínn ar ghnáth-thascanna,
  • Tuiscint airgeadais a fheabhsú le haghaidh bainistíocht airgeadais níos fearr
  • Tuiscint ar na meán a fhorbairt le cur ar do chumas aghaidh a thabhairt ar shonraí ar líne go slán sábháilte
  • Treoir a chuir ar fáil maidir le scileanna fostaíochta agus gnó
  • Feasacht sláinte a chur chun cinn le haghaidh déanamh cinntí ar bhonn eolach
  • Maireachtáil inbhunaitheach a spreagadh agus oideachas comhshaoil á chur ar fáil.

Tá an clár mar chuid de straitéis Is í an Leabharlann an Áit 2023 – 2027 na leabharlann poiblí náisiúnta agus is léiriú í ar ról méadaithe na leabharlann mar mhoil foghlama fad saoil a bhfuil iontaoibh an phobail acu. Tá sé leagtha amach ar bhealach solúbtha, ionas go mbeadh deis ag gach leabharlann seachadadh an chláir a chuir in oiriúint do riachtanais an phobail agus ceardlanna, acmhainní coimeádta, cainteanna le saineolaithe agus comhpháirtíochtaí i dteannta eagraíochtaí pobail a chur ar fáil.

Events | Donegal County Council - Culture Division

Cursaí Airgead

I gcomhpháirtíocht le MABS (Seirbhís Chomhairle Airgid agus Buiséadaithe), tá rogha de naisc iontaofa, suas go dáta curtha le chéile ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall maidir le eolas airgeadais. Tá naisc anseo de acmhainní le haghaidh buiséadaithe, comparáid praghsanna, leas sóisialach, cártaí leighis agus Cártaí Sláinte agus Sóisialta na hEorpa (EHIC), cúrsaí ar líne, seirbhísí ioncaim, acmhainní saor in aisce agus tuilleadh.  Cibé an bhfuil tú ag iarraidh airgead a shábháil, pleanáil don todhchaí, nó tacaíocht a fháil, tá na hacmhainní seo anseo le cuidiú leat.

Cursaí Airgead
;