Skip to main content Skip to main content

Seirbhísí

Ar Ais go Leabharlanna

Níos mó ná seirbhís iasachta leabhar.

Cuireann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall líonra leabharlann ar fáil mar spásanna cultúrtha le deiseanna a chruthú le feabhas a chur ar shaol an phobail. Tá sé mar aidhm againn freastal ar an ghá atá le hoideachas ginearálta, faisnéis agus caitheamh aimsire, tacú leis an tóraíocht ar eolas, agus spéis an phobail sa léitheoireacht agus sna healaíona a shásamh. 

Táblaí grúpa inchoigeartaithe airde ar fáil anois

Tá táblaí inchoigeartaithe airde a bhfuil suíocháin do thart ar 4 úsáideoir cathaoireacha rothaí le chéile ar fáil sa Leabharlann Láir, i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, i Leabharlann Bhun Cranncha, i Leabharlann Bhaile na nGallóglach agus i Leabharlann na Nascbhailte le hinrochtaineacht a fheabhsú. Tacaíonn Ciste na gCuntas Díomhaoin leis na seirbhísí seo.

Faigh tuilleadh eolais faoinár seirbhísí ionchuimsitheacha. 

Seirbhísí Ionchuimsitheacha

Saotharleabhair Nua Litearthachta d’Aosaigh

Tá sé mar aidhm ag na leabhair oibre seo tacú le daoine fásta a gcuid scileanna Béarla a fheabhsú. Clúdaíonn siad léitheoireacht, scríbhneoireacht, gramadach agus tuiscint. Tá deilbhín ag barr gach gníomhaíochta le cur in iúl duit cad é atá á chlúdach. 

Tá 40 cóip d'achan teideal ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall atá nasctha leis na hacmhainní thíos. Tá gníomhaíochtaí in achan saotharleabhar a thig a chríochnú agus tú ag léamh an leabhair den teideal céanna. 

Tig leat cárta leabharlainne speisialta a fháil rud a chiallaíonn go dtig leat níos mó ná cóip amháin den leabhar céanna a fháil ar iasacht. Iarraimid ar ghrúpaí clubanna leabhar a bhunú agus na saotharleabhar seo a úsáid lena gcuid scileanna litearthachta a fhorbairt tuilleadh.

Mar shampla, dá mba mhaith leat Brooklyna léamh le grúpa 6, thiocfadh leat 6 chóip den teideal chéanna a iarradh. Thiocfadh leat na leabhair a fháil ó do leabharlann áitiúil ina dhiaidh sin. Tig an saotharleabhar a théann le Brooklyn a íoslódáil anseo. 

Is tábhachtach, áfach, go míníonn tú gur mian leat an leagan den leabhar atá nasctha leis an tsaotharleabhar mar go dtiocfadh le leaganacha eile den leabhar sin a bheith ag an leabharlann.

An dóigh leis na leabhair atá nasctha leis na hacmhainní thíos a fháil ar iasacht:

1. Téigh chuig do leabharlann áitiúil agus mínigh don fhoireann gur mhaith leat cárta leabharlainne atá socraithe fá choinne iasachtaí iolracha. Leis seo, tig leat roinnt leabhar a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse fada.
2. Caith súil ar an liosta leabhar ábhartha agus roghnaigh 2-3 theideal – thiocfadh le cuid de na teidil a bheith ar iasacht cheana féin, mar sin tig le roghanna iolracha cuidiú leis an phróiseas a dhéanamh níos gaiste.
3. Téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil ag iarraidh na dteideal in ord tosaíochta coicís ar a laghad roimh ré. Mínigh, le do thoil, cé mhéad cóip den teideal ba mhaith leat.
4. Déanfaidh do leabharlann áitiúil teagmháil leat nuair a bheidh ceann de na teidil a roghnaigh tú réidh le bailiú.

Baineann na saotharleabhair fá choinne Brooklyn, Slumdog Millionaire, The Children Act agus The Talented Mr Ripley go sonrach le daltaí BCTE (Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile).

Saotharleabhair agus teidil:

•    Saotharleabhar Inlíonta Brooklyn 3.3
•    Saotharleabhar Inlíonta Dr. Jekyll And Mr. Hyde 3.3
•    Saotharleabhar Inlíonta Frankenstein 3.3
•    Saotharleabhar Inlíonta Great Expectations 3.3
•    Saotharleabhar Inlíonta Jane Eyre 4.3
•    Saotharleabhar Inlíonta Slumdog Millionaire 3.3
•    Saotharleabhar Inlíonta The Children Act 4.3
•    Saotharleabhar Inlíonta The Talented Mr Ripley 4.3

Mhaoinigh Oifig an Chláir Náisiúnta Litearthachta do Dhaoine Fásta ar Feadh an tSaoil, atá lonnaithe i SOLAS, an tionscadal seo trí Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 

;