Skip to main content Skip to main content

An Eoraip Dhíreach

Ar Ais go Seirbhísí

Tá EUROPE DIRECT Leitir Ceanainn, atá lonnaithe sa Leabharlann Lárnach, ar cheann de ocht n-ionad ar fud na tíre. Is é is aidhm le hachan ionad cuidiú le saoránaigh eolas níos fearr a chur ar struchtúr agus ar fhorbairt an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, soláthraíonn Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair seirbhís satailíte Europe Direct le soláthar faisnéise i nGaeilge.

Cuireann EUROPE DIRECT Leitir Ceanainn réimse seirbhísí ar fáil, lena n-áirítear foilseacháin, bróisiúir agus treoracha saor in aisce; seirbhís ceisteanna agus freagraí; ríomhairí le rochtain ar shuíomh gréasáin Europa an AE www.europa.eu; seomra cruinnithe ina bhfuil cainteanna, imeachtaí cur chun cinn srl. ar chúrsaí Eorpacha indéanta agus rochtain saor in aisce ar ionad glaonna Europe Direct sa Bhruiséil.

Eagraíonn Europe Direct imeachtaí téamacha le díospóireacht agus plé a spreagadh ar réimse saincheisteanna Eorpacha. I measc na n-imeachtaí tá cuairteanna ónár bhFeisirí Eorpacha, comórtas óráidíochta poiblí Soapbox, ceardlanna Am le Bogadh a léiríonn na deiseanna atá ag daoine óga oibriú, staidéar a dhéanamh agus obair dheonach a dhéanamh san Eoraip agus taispeántais.

Má tá ceist agat faoin AE, más mian leat aiseolas a thabhairt don Choimisiún Eorpach ar shaincheisteanna AE nó más mian leat cruinniú/cur i láthair a óstáil ar chúrsaí Eorpacha, seol ríomhphost chuig eudirect@donegallibrary.ie nó déan teagmháil linn ag 074 91 24950. Le fiosrúchán a dhéanamh trí Ghaeilge glaoigh ar 074 95 60862. Tá tuilleadh eolais faoi Europe Direct ar fáil ó Facebook, X www.europedirect.ie.

Tá EUROPE DIRECT Leitir Ceanainn comhmhaoinithe ag an Choimisiún Eorpach agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall.. Le tuilleadh eolais a fháil faoi Europe Direct i Leitir Ceanainn amharc ar an fhíseán ghairid seo.

 

;