Seirbhísí Cuimsitheacha
Acmhainní & Tacaíocht Léitheoireachta
Ní léitheoir craosach leabhar achan duine, ach léiríonn staidéir go mbíonn todhchaí níos sona agus níos sásúla mar thoradh ar léamh rialta fá choinne pléisiúir ag aois óg. Cuirimid réimse cúrsaí ar líne saor in aisce le muinín leanaí agus a gcuid scileanna léitheoireachta fhorbairt Universal Class.
Cuirimid acmhainní ar nós Irisí ar Líne ar fáil saor in aisce fosta trí úsáid a bhaint as do chárta leabharlainne agus do PIN le rochtain a fháil ar raon leathan ábhar léitheoireachta a bheadh ní b'oiriúnaí don ábhar a mbeadh spéis acu ann.
Cuireann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall réimse teideal ar fáil atá dírithe ar pháistí a bhfuil disléicse orthu a spreagadh le níos mó a léamh chomh maith le hacmhainní fisiciúla atá ar fáil ar iasacht le cuidiú le léitheoireacht.
Acmhainní
CPens: Deartha le léitheoireacht neamhspleách ghníomhach, tuiscint agus foghlaim a chur chun cinn, is iad an uirlis tacaíochta idéalach do dhaoine a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta uirthi amhail disléicse nó afáise. Baineann daoine a bhfuil fadhbanna radhairc acu iad siúd atá ag foghlaim teanga nua tairbhe astu. Is uirlis iniompartha, méid póca é an C-Pen Reader Pen a úsáideann guth labhartha nádúrtha leis na focail ar an leathanach a léamh. Tá foclóir ionsuite ann ionas go dtig leat rochtain a fháil go furasta ar bhrí na bhfocal agus tú ag léamh. Níl idirlíon ná Wi-Fi de dhíth leis an C-Pen, mar sin tig é a úsáid am ar bith nó áit ar bith. Tig leis teangacha eile a léamh fosta, ar nós na Fraincise, na Spáinnise agus na hIodáilise. Téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil le fiosrú faoi cheann a fháil ar iasacht ar feadh trí seachtaine.
TTRS: Is cúrsa ar líne a bhain duaiseanna é Touch-Type Read and Spell (TTRS)) a mhúineann scileanna clóscríofa tadhaill le cuidiú le páistí agus le daoine fásta feabhas a chur ar a gcuid scileanna léitheoireachta agus litrithe. Trí chur chuige ilchéadfach, cloiseann an t-úsáideoir focal á labhairt, feiceann sé an focal ar an scáileán agus iarrtar air na méara cearta a úsáid tríd an mhéarchlár ar an scáileán. Tá TTRS thar a bheith úsáideach dóibh siúd a bhfuil disléicse, dispraicse, ASD, agus ADHD orthu. Tá TTRS thar a bheith tairbheach d’aon duine a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta, scríbhneoireachta agus litrithe acu. Tacaíonn an clár gréasánbhunaithe seo le foghlaim ar luas féin agus tig rochtain a fháil air ó phríobháideacht do bhaile féin ar do ghléas féin. Le clárú fá choinne TTRS seol ríomhphost le d’ainm iomlán chuig: ttrs@donegalcoco.ie
Leabhair, Ríomhleabhair agus Ríomhfhuaimleabhair: Tá réimse leathan leabhar Barrington Stoke againn, ina bhfuil leathanaigh, clónna agus dathanna atá cairdiúil do dhaoine a bhfuil disléicse orthu. Cliceáil ar an nasc seo le teideal Barrington Stoke a roghnú agus a chur in áirithe a bhfuil suim ag do leanbh ann.
Is acmhainn iontach é Borrowbox do ríomhleabhair agus ríomh-chlosleabhair leis na roghanna le luas agus dath cúlra na leathanach a roghnú le freastal ar gach cumas.
Ná déan dearmad go bhfuil sé saor in aisce a bheith i do bhall den leabharlann agus na hacmhainní atá istigh ann a úsáid! Tá sé simplí ballraíocht a ghlacadh, buail isteach i do leabharlann áitiúil le cárta aitheantais nó bí páirteach ar líne anseo.
Inclusive Services
Tá go leor déanta ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall le blianta beaga anuas lena chinntiú go bhfuil ár seirbhísí inrochtana ag an oiread daoine agus is féidir. A bhuíochas le Ciste na gCuntas Díomhaoin de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail, tá infheistíocht déanta againn i seirbhísí éagsúla a chuirimid ar fáil saor in aisce d'achan úsáideoir amhail:
- Faighneog Chéadfach i Leabharlann Bhun Dobhráin
- Ballaí Céadfacha i Leabharlann Bhun Cranncha agus na Nascbhailte
- Tovertafel atá ar fáil sa Lárleabharlann, Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, Leabharlann Phobail na Nascbhailte & Leabharlann Phobail Bhun Cranncha
- Tá táblaí inchoigeartaithe airde a bhfuil suíocháin do thart ar 4 úsáideoir cathaoireacha rothaí le chéile ar fáil sa Lárleabharlann, i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair, i Leabharlann Bhun Cranncha, i Leabharlann Bhaile na nGallóglach agus i Leabharlann na Nascbhailte.
- Acmhainní Féach & Foghlaim acmhainní do Leanaí a bhfuil Siondróm Down orthu
- Numicon sa Bhaile
- Cúrsa Litearthachta & Clóscríofa Touch-Type Read and Spell (TTRS)
- Tá Bréagáin Chéadfacha agus Boscaí Suaimhneacha ar fáil lena n-úsáid sa leabharlann
- Am Cairdiúil do Chéadfaigh ag brainsí ar leith ina bhfuil laghdú ar shoilsiú agus ar thorann. Tá suíomhanna agus amanna ar fáil ar ár bhFéilire Imeachtaí
- Scéalta Sóisialta ar fáil le cuidiú le daoine aonair ullmhú dá gcuairt ar an leabharlann.
| Social Stories Letterkenny |
| Social Stories Buncrana |
| Social Stories Twin Towns |
- Agus tá go leor leabhar againn fosta a phléann leis an uathachas agus néaréagsúlachta.

Tacaíonn Ciste na gCuntas Díomhaoin leis na seirbhísí seo.