Ceart chun Léamh
An Ciste um Chomhoibriú agus Nuálaíocht 2026

Is deis iontach í An Ciste um Chomhoibriú agus Nuálaíocht 2026 chun tionscadail a mhaoiniú a thacaíonn le haosaigh ag a bhfuil riachtanais litearthachta nár sásaíodh agus tionscadail a thacaíonn le heagraíochtaí chun tacú leis an litearthacht.
Is é 12 pm ar an 22 Eanáir 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratas
Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar: Adult Literacy for Life National Framework Strategy nó bi I dteagmail le Adele McElhinney Comhordaitheoir Réigiúnach Litearthachta Dhún na nGall ar 074 91 20521 nó adelemcelhinney@dletb.ie
Click here for more informationTugann an clár náisiúnta an Ceart chun Léamh údaráis áitiúla agus comhlachtaí áitiúla atá bainteach le forbairt litearthachta agus léitheoireachta sa cheantar áitiúil le chéile chun cur chuige comhordaithe a ghlacadh maidir leis na seirbhísí seo a sholáthar sa phobal áitiúil. Tacaíonn an Ceart chun Léamh le forbairt litearthachta do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do leanaí mar chuid de chur chuige comhordaithe go háitiúil, inbhuanaithe agus caighdeánach ar fud na tíre.
Déanann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall, i gcomhar le heagraíochtaí comhpháirtíochta, Plean Gníomhaíochta áitiúil bliantúil um an gCeart chun Léamh a dhréachtú agus a chomhordú agus oibríonn siad leis na comhpháirtithe sin i dtreo a chur i bhfeidhm. I measc na mbuaicphointí bliantúla inár leabharlanna bhí seisiúin Earraigh go Scéalaíocht i mí Aibreáin, clár léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh i mí Iúil agus Lúnasa, agus Féile Ealaíon agus Leabhar Wainfest do Pháistí a bhfuiltear ag súil leis le fada i mí Dheireadh Fómhair. I measc na dtionscadal eile le comhpháirtithe líonra tá Read DL, leabhar gníomhaíochta rann agus amhrán Babbling Babies, Bookworm Babies agus Creating Lifelong Readers, chomh maith le cláir le leabharlanna agus scoileanna áitiúla ar nós Battle of the Books. Tá comhpháirtíochtaí ríthábhachtach le hachan ghné de chlár an Cheart chun Léamh i nDún na nGall a chur i bhfeidhm.
Tá sé mar aidhm ag na cláir agus na tionscadail uile atá san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta nósanna léitheoireachta a spreagadh agus grá don léitheoireacht a chothú.
Le heolas a fháil faoin chlár náisiúnta An Ceart chun Léamh, amharc ar Ceart chun Léamh.
Saotharleabhair Nua Litearthachta d’Aosaigh

Tá sé mar aidhm ag na leabhair oibre seo tacú le daoine fásta a gcuid scileanna Béarla a fheabhsú. Clúdaíonn siad léitheoireacht, scríbhneoireacht, gramadach agus tuiscint. Tá deilbhín ag barr gach gníomhaíochta le cur in iúl duit cad é atá á chlúdach.
Tá 40 cóip d'achan teideal ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall atá nasctha leis na hacmhainní thíos. Tá gníomhaíochtaí in achan saotharleabhar a thig a chríochnú agus tú ag léamh an leabhair den teideal céanna.
Tig leat cárta leabharlainne speisialta a fháil rud a chiallaíonn go dtig leat níos mó ná cóip amháin den leabhar céanna a fháil ar iasacht. Iarraimid ar ghrúpaí clubanna leabhar a bhunú agus na saotharleabhar seo a úsáid lena gcuid scileanna litearthachta a fhorbairt tuilleadh.
Mar shampla, dá mba mhaith leat Brooklyna léamh le grúpa 6, thiocfadh leat 6 chóip den teideal chéanna a iarradh. Thiocfadh leat na leabhair a fháil ó do leabharlann áitiúil ina dhiaidh sin. Tig an saotharleabhar a théann le Brooklyn a íoslódáil anseo.
Is tábhachtach, áfach, go míníonn tú gur mian leat an leagan den leabhar atá nasctha leis an tsaotharleabhar mar go dtiocfadh le leaganacha eile den leabhar sin a bheith ag an leabharlann.
An dóigh leis na leabhair atá nasctha leis na hacmhainní thíos a fháil ar iasacht:
1. Téigh chuig do leabharlann áitiúil agus mínigh don fhoireann gur mhaith leat cárta leabharlainne atá socraithe fá choinne iasachtaí iolracha. Leis seo, tig leat roinnt leabhar a fháil ar iasacht ar feadh tréimhse fada.
2. Caith súil ar an liosta leabhar ábhartha agus roghnaigh 2-3 theideal – thiocfadh le cuid de na teidil a bheith ar iasacht cheana féin, mar sin tig le roghanna iolracha cuidiú leis an phróiseas a dhéanamh níos gaiste.
3. Téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil ag iarraidh na dteideal in ord tosaíochta coicís ar a laghad roimh ré. Mínigh, le do thoil, cé mhéad cóip den teideal ba mhaith leat.
4. Déanfaidh do leabharlann áitiúil teagmháil leat nuair a bheidh ceann de na teidil a roghnaigh tú réidh le bailiú.
Baineann na saotharleabhair fá choinne Brooklyn, Slumdog Millionaire, The Children Act agus The Talented Mr Ripley go sonrach le daltaí BCTE (Béarla do Chainteoirí Teangacha Eile).
Saotharleabhair agus teidil:
• Saotharleabhar Inlíonta Brooklyn 3.3
• Saotharleabhar Inlíonta Dr. Jekyll And Mr. Hyde 3.3
• Saotharleabhar Inlíonta Frankenstein 3.3
• Saotharleabhar Inlíonta Great Expectations 3.3
• Saotharleabhar Inlíonta Jane Eyre 4.3
• Saotharleabhar Inlíonta Slumdog Millionaire 3.3
• Saotharleabhar Inlíonta The Children Act 4.3
• Saotharleabhar Inlíonta The Talented Mr Ripley 4.3
Mhaoinigh Oifig an Chláir Náisiúnta Litearthachta do Dhaoine Fásta ar Feadh an tSaoil, atá lonnaithe i SOLAS, an tionscadal seo trí Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Litríocht agus Tírdhreach Dhún na nGall 2024
Ba i Leabharlann Pobail Bhun Cranncha a reáchtáladh ócáid an-speisialta ar a dtugtar Litríocht agus Tírdhreach Dhún na nGall ar Léann Éire, Dé Sathairn an 24 Feabhra 2024.
Spreagtha ag bua Dhuais Booker an údair as Dún na nGall, Paul Lynch, tháinig slua de na filí, úrscéalaithe, ealaíontóirí agus staraithe is cumasaí sa chontae le chéile chun plé a dhéanamh ar an dóigh a raibh tionchar ag tírdhreach uathúil agus garbh Dhún na nGall ar a gcuid oibre féin.
Rinne roinnt plé painéil faoi stiúir Kathy Donaghy scrúdú ar an dóigh a dtugann údair ‘Dún na nGall leo’ isteach ina saothar chomh maith le scrúdú a dhéanamh ar an bhrí le le ‘scríbhneoireacht Dhún na nGall’ i dtéarmaí litríochta comhaimseartha agus stairiúla araon. Tá scríbhneoirí ó William Allingham go Brian Friel i ndiaidh leas a bhaint as ár n-acmhainn is saibhre, cnoic, gleannta agus cósta an chontae, le saothair iontacha ficsean, filíochta agus drámaíochta a chruthú.
Ba dheis í an ócáid seo, arna maoiniú ag Éire Ildánach, le Dún na nGall a cheiliúradh mar áit ar leith. Áit a spreag agus a thug scríbhneoirí ó na Ceithre Mháistrí agus a n-annálacha go dtí údar a bhain Duais Booker.
Tig leat féachaint ar na painéil phlé anseo anois: