Éire Shláintiúil

Is tionscnamh náisiúnta é Éire Shláintiúil i do Leabharlann, agus tá áthas ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith páirteach ann. Tá sé mar aidhm aige feasacht sláinte a mhéadú i réimsí na Meabhairshláinte, na Sláinte Fisiciúla agus an Itheacháin Shláintiúil. Tá sraith leabhar a bhaineann leis an tsláinte i ngach ceann de na 13 leabharlann i nDún na nGall i rannóg ainmnithe de chuid Éire Shláintiúil.
Mar chuid den tionscnamh seo, éascaíonn leabharlanna Dhún na nGall imeachtaí i rith na bliana le feasacht ar shláinte a chur chun cinn. Ina measc seo bhí ceardlanna ar itheachán sláintiúil, cainteanna ar shábháilteacht idirlín, cainteanna ar ióga ar mheabhairshláinte agus cainteanna ar thuismitheoireacht.
Buail isteach chuig aon cheann dár 13 bhrainse, nó tabhair cuairt orainn ar líne, le ceann dár leabhair iomadúla a fháil ar iasacht a fheabhsóidh do chuid sláinte. Tá Ríomhleabhair agus Ríomh-chlosleabhar ar fáil le híoslódáil fosta.
Tá tuilleadh eolais ar Shláinte agus Folláine ar fáil ag www.healthyireland.ie. Áirítear leis seo torthaí suirbhé sláinte, taighde agus pleananna gníomhaíochta coirp. Chomh maith leis sin tá Pirimidí bia agus pleananna béilí sláintiúil ar fáil le priontáil.
Le heolas a fháil faoin chlár náisiúnta Éire Shláintiúil i do Leabharlann, amharc ar Éire Shláintiúil ag do Leabharlann.