Spásanna Digiteacha
Chomh maith le rochtain saor in aisce ar ghléasanna idirlín agus Wi-Fi a thairiscint inár mbrainsí uile do bhaill leabharlainne, tá roinnt acmhainní breise againn i gcuid dár mbrainsí.
Tugann ár mBeartas Idirlín forbhreathnú ar a bhfuil le súil leis d'achan aois agus tú ag baint úsáide as ár seirbhísí idirlín sa bhrainse. Níl de dhíth ort ach do chárta leabharlainne le rochtain a fháil ar ár Wi-Fi saor in aisce. Muna bhfuil cárta leabharlainne agat go fóill, tig leat ballraíocht a ghlacadh anois agus do chárta a bhailiú nuair a bhuaileann tú isteach sa leabharlann.
Áirithintí
Más mian leat ár ríomhairí pearsanta, ríomhairí glúine nó táibléid a úsáid, tig seisiúin a chur in áirithe roimh ré nó rochtain a fháil orthu trí bhualadh isteach. Mar sin féin, bíonn tréimhsí gnóthacha ann i rith an lae, mar sin má tá rud éigin ar leith le déanamh agat, molaimid duit bualadh isteach i do bhrainse áitiúil agus áit a chur in áirithe roimh ré ionas nach mbeidh díomá ort. Roimh achan seisiún, cláraigh ag an phríomhdheasc le ball foirne le do thoil.
Ná bíodh leisce ort do ghléas féin a úsáid le ceangal le Wi-Fi más áisiúla duit é. Ní thig linn calafort luchtaithe a chinntiú, ach déanfaimid iarracht ceann a chur ar fáil nuair a thig linn.
Páistí agus an tIdirlíon
• Cuirimid fáilte roimh leanaí faoi 12 bliana d’aois an tIdirlíon a úsáid nuair a bhíonn siad faoi mhaoirseacht duine fásta.
• Tá cead ag baill idir 12 agus 17 mbliana d’aois (san áireamh) an tIdirlíon a úsáid leo féin má shíníonn tuismitheoir/caomhnóir Foirm Toilithe, i láthair fhoireann na leabharlainne. Féadfar toiliú ráthóra a chomhaontú ag an chlárú.
• Tá Foirmeacha Toilithe agus treoirlínte do leanaí agus do dhaoine óga ar fáil in achan leabharlann.
EDUROAM
Is seirbhís Wi-Fi é Eduroam, giorrúchán do Education Roaming, a chuireann ar a gcumas ag daltaí, taighdeoirí agus baill foirne ó institiúidí rannpháirteacha rochtain shlán a fháil ar an idirlíon ina gcoláiste/ollscoil agus agus iad ag tabhairt cuairte ar shuíomhanna eile atá cumasaithe ag Eduroam. Tá sé mar aidhm aige campais fhíorúla leathnaithe a chruthú agus roghanna iomadúla a thairiscint do dhaltaí dul ar líne agus ceangal lena n-institiúidí Breisoideachais agus Ardoideachais.
Cliceáil ANSEO lena fháil amach faoin áit a dtig rochtain a fháil air i nDún na nGall.
Scáileáin Dhigiteacha
Tá monatóir digiteach scáileáin mhóir agus áiseanna comhdhála ar líne feistithe i seomra cruinnithe na Lárleabharlainne. Déan teagmháil leis an fhoireann ag an Lárleabharlann le tuilleadh eolais a fháil faoin dóigh le háirithint a dhéanamh.
Adobe Creative Cloud
Tá sé mar aidhm ag Seirbhís na Leabharlainne i nDún na nGall tacú le forbairt na cruthaitheachta agus na scileanna digiteacha mar chuid dá ról foriomlán agus dá seirbhís don phobal. Cuireann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall Adobe Creative Cloud ar fáil i gcúig cinn dár leabharlanna.
Is sraith de bhreis is 20 feidhmchlár agus seirbhís ó Adobe Inc. é Creative Cloud a thugann rochtain d’úsáideoirí ar bhailiúchán bogearraí a úsáidtear fá choinne dearadh grafach, eagarthóireacht físe, forbairt gréasáin, grianghrafadóireacht, códú, dearadh cluichí, táirgeadh fuaime agus níos mó. Maidir le fiosrúcháin faoin dóigh le Adobe Creative Cloud a chur in áirithe ag ceann ar bith de na háiteanna thíos, téigh i dteagmháil leis an leabharlann go díreach.
- Leabharlann Phobail Charn Domhnach
- An Lár-Leabharlann
- Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin
- Leabharlann Phobail na Nascbhailte
- Leabharlann Phobail Bhun Chranncha
- Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair
- Leabharlann Phobail na Rosan
Tovertafel
Tá an Tovertafel (Tábla Draíochta) deartha go sonrach do dhaoine fásta le néaltrú agus míchumais intleachtúla le páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht choirp agus in idirghníomhaíochtaí sóisialta.
Is é atá sa Tábla Draíochta ná teilgeoir atá suite ar an tsíleáil os cionn tábla sa leabharlann. Cuireann an t-aonad sraith cluichí idirghníomhacha simplí i láthair a spreagann an intinn agus a spreagann daoine a bhfuil néaltrú orthu agus riachtanais bhreise acu le hidirghníomhú lena dteaghlaigh agus lena gcúramóirí. Faoin dóigh le rochtain a fháil ar an Tovertafel ag ceann ar bith de na háiteanna thíos, téigh i dteagmháil leis an leabharlann go díreach.
• An Lár-Leabharlann
• Leabharlann na Nascbhailte
• Leabharlann Phobail Bhun Chranncha
• Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair