Skip to main content Skip to main content

Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir & Cruthaitheachta

Ar Ais go Clár Éire Ildánach

Is dámhachtainí ar luach €2,000 an ceann iad Dámhachtainí Tionscadail Rannán Cultúir & Cruthaitheachta Dhún na nGall. Roghnaítear 25 tionscadal thrí ghlaoch oscailte ar iarratais.

Bíonn na dámhachtainí seo á mbronnadh ag an Fhoireann Chultúir agus Chruthaitheachta mar chuid de Chlár na bPobal Ildánach, arna mhaoiniú ag Éire Ildánach agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Is féidir leis na tionscadail sin díriú ar chultúr, ar oidhreacht, ar chruthaitheacht, ar na healaíona, nó ar theicneolaíocht a mhealladh, a iniúchadh, a chomhroinnt, a chaomhnú nó a chur chun cinn ar bhealaí cruthaitheacha agus samhlaíocha, mar shampla trí thaibhithe, trí cheardlanna, trí thaispeántais, trí oiliúint, trí ghníomhaíochtaí caomhnaithe nó trí thaighde. Ba chóir béim a chur ar an rannpháirtíocht leis an phobal nó leis an spriocghrúpa, san iarratas.

 

Dámhachtainí Tionscadail Cultúir & Cruthaitheachta sna blianta a chuaigh thart 

In 2026, rinneadh 79 iarratas ar Dhámhachtainí Tionscadail Cultúir & Cruthaitheachta. Is baill d’Fhoireann Éire Ildánach a bhíonn ar an phainéal roghnúcháin.

Tá liosta de na tionscadail ar éirigh leo in 2024 agus 2025 le fáil ag an nasc thíos:

Faighteoirí Dhámhachtainí Tionscadal 2026

Faighteoirí Dhámhachtainí Tionscadal 2025

Faighteoirí Dhámhachtainí Tionscadal 2024

;