Skip to main content Skip to main content

Cruinniú na nÓg

Ar Ais go Clár Éire Ildánach

Cruinniú 2026

A young person outdoors looking through a lens at bugs at a 2025 Cruinniú na nÓg Biodiversity event at Inch Wildfowl Reserve

Beidh Cruinniu na nÓg ar siúl Dé Sathairn 6ú Meitheamh. Coinnigh súil amach don chlár imeachtaí atá le teacht.

Féach ar an gClár Náisiúnta

Is í Éire an chéad tír, agus an t-aon tír, ar domhan a bhfuil lá náisiúnta cruthaitheachta in aisce aici do pháistí agus do dhaoine óga faoi 18 mbliana d’aois. 

Tarlaíonn sé ar an chéad Satharn i mí an Mheithimh, as a dtiocfaidh na céadta imeachtaí ar fud na tíre, a fhreastalaíonn ar  achan duine ó achan aois ó  naíonáin go déagóirí faoi 0-18 mbliana d’aois.

Tharla an chéad Cruinniú na nÓg ar an 23 Meitheamh 2018 agus ó shin, lena n-áirítear in imthosca eisceachtúla in 2020, tagann daoine óga agus teaghlaigh le Chéile achan bhliain chun sult a bhaint as raon leathan gníomhaíochtaí cruthaitheacha lena n-áirítear ceardlanna, ranganna teagaisc agus pacáistí cruthaitheacha a sheachadadh chuig tithe ar fud an chontae.

Le roinnt blianta anuas, tá an Rannán Cultúir i nDún na nGall ag obair go forleathan le páistí agus daoine óga fríd Chomhairle Óige Dhún na nGall a áireamh sna cruinnithe pleanála agus fiafraí de dhaoine óga cad ba mhaith leo a fheiceáil, a dhéanamh, nó triail a bhaint as achan Cruinniú na nÓg. Is é an toradh atá air ná clár a chuimsíonn a gcuid moltaí mar aon le himeachtaí spreagúla nár shamhlaigh siad riamh.

Tabhair cuairt ar thaifeadtaí iontacha ceardlainne ó bhlianta roimhe seo

Amharc ar roinnt taifeadtaí ceardlainne iontacha ó bhlianta roimhe seo: 

I mí an Mheithimh 2024, mar chuid de thionscadal Cruinniú na nÓg atá maoinithe ag Oileán Comhroinnte na bliana seo, reáchtáil Scoil Cholmcille i Leitir Ceanainn lá ilchultúrtha, ag ceiliúradh agus ag plé le traidisiúin chultúrtha na náisiúntachtaí éagsúla iomadúla de na daoine óga atá ar an scoil, agus bhain siad an-sult as!

Mar chuid de Chruinniú na nÓg 2023, chuaigh Rhyme Island i mbun oibre le daoine óga ó ionad IPAS i Leitir Ceanainn, agus tá a gcruthaitheacht soiléir san fhíseán ghairid seo.

Mar chuid de Chruinniú na nÓg 2022, thug an cheardlann amharclainne seo, faoi stiúir Eve Li agus Leanne McLaughlin, daoine óga atá ina gcónaí i Soláthar Díreach agus daoine óga ón phobal Éireannach le chéile leis na léirithe gairide seo a chruthú.

Is daoine óga idir 12 agus 17 mbliana d’aois a ghlac páirt i gceardlanna Fís Feasa i dTeach Oibre Dhún Fionnachaidh mar chuid de Chruinniú na nÓg 2022 a rinne na físeáin siamsúla seo, as Gaeilge, áit ar tugadh leideanna agus scileanna dóibh faoin dóigh le bheith ina gcruthaitheoirí físe trí úsáid a bhaint as na fóin chliste. 

 

;