
Scéim Sparánachtaí d’Ealaíontóirí de chuid Comhairle Contae Dhún na nGall
Tá an Scéim Sparánachtaí d’Ealaíontóirí maoinithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag an Chomhairle Ealaíon.
De ghnáth, osclaítear an Scéim Sparánachtaí d'Ealaíontóirí i mí Iúil gach bliain agus fógraítear í i bpáipéir áitiúla, ar na meáin shóisialta agus ar ár suíomh gréasáin.
Fógrófar sonraí Scéim Sparánachtaí d'Ealaíontóirí Chomhairle Contae Dhún na nGall 2025 i lár mhí Iúil, le Dáta Deiridh 4.30pm Dé hAoine, an 22 Lúnasa.
Scéim Sparánachtaí D'ealaíontóirí 2025 Treoireacha Agus Foirm Iarratais
Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh iarrataisí chuig a Scéim Sparánachtaí d'Ealaíontóirí, ó ealaíontóirí de ghach cineál cleachtas, atá i mbun toghraí éagsúla i láthair na huaire, nó atá pleananna acu tabhairt faoi toghra ar leith amach anseo. Beidh luach suas go €1000 a gceann ar na sparánachtaí seo.
Tá sé mar phríomhaidhm na Scéime ná tacú le ealaíontóirí proifisiúnta uilig, a gcuid cleachtas ealaíona a choinniú agus a chur chun cinn. Tá an scéim ann chun cabhair a thabhairt d'ealaíontóirí, toghraí nó cláracha oibre a fhorbairt nó a chríochnú. Tacóidh sí le ealaíontóirí a gcleachtais a choinneáil agus a fhorbairt trí imeachtaí, taispeántaisí agus tionscnaimh ealaíona eile a thaighdiú, a dhearadh agus a chruthú. Tá an scéim seo maoinithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus An Comhairle Ealaíon.
Faighteoirí Scéim Sparánachtaí d’Ealaíontóirí Chomhairle Contae Dhún na nGall 2024
Faighteoirí Scéim Sparánachtaí d’Ealaíontóirí Chomhairle Contae Dhún na nGall 2023