Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir & Cruthaitheachta
Is dámhachtainí ar luach €2,000 an ceann iad Dámhachtainí Tionscadail Rannán Cultúir & Cruthaitheachta Dhún na nGall. Roghnaítear 25 tionscadal thrí ghlaoch oscailte ar iarratais.
Bíonn na dámhachtainí seo á mbronnadh ag an Fhoireann Chultúir agus Chruthaitheachta mar chuid de Chlár na bPobal Ildánach, arna mhaoiniú ag Éire Ildánach agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.
Is féidir leis na tionscadail sin díriú ar chultúr, ar oidhreacht, ar chruthaitheacht, ar na healaíona, nó ar theicneolaíocht a mhealladh, a iniúchadh, a chomhroinnt, a chaomhnú nó a chur chun cinn ar bhealaí cruthaitheacha agus samhlaíocha, mar shampla trí thaibhithe, trí cheardlanna, trí thaispeántais, trí oiliúint, trí ghníomhaíochtaí caomhnaithe nó trí thaighde. Ba chóir béim a chur ar an rannpháirtíocht leis an phobal nó leis an spriocghrúpa, san iarratas.
2026
Is féidir iarratas a chur isteach tríd an tairseach ar líne a bheas ar oscailt ón Luan 1 Nollaig go dtí an Aoine 9 Eanáir ag 4i.n. Ní ghlacfar le haon iarratas a chuirfear isteach ina dhiaidh sin. Fáilteofar roimh iarratais i nGaeilge nó i mBéarla.
Tá glacadh le hiarratais dúnta anois do 2026.
Dámhachtainí Tionscadail Cultúir & Cruthaitheachta sna blianta a chuaigh thart
In 2025, rinneadh 106 iarratas ar Dhámhachtainí Tionscadail Cultúir & Cruthaitheachta. Is baill d’Fhoireann Éire Ildánach a bhíonn ar an phainéal roghnúcháin.
Tá liosta de na tionscadail ar éirigh leo in 2024 agus 2025 le fáil ag an nasc thíos: