Skip to main content Skip to main content

Monatóir Digiteach Radóin

Ar Ais go Mo Leabharlann Áitiúil

Cuireann Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall Monatóir Digiteach Radóin ar fáil le fáil ar iasacht saor in aisce ó do leabharlann áitiúil.

Is féidir monatóir digiteach a úsáid chun leibhéal radóin I do theach a thabhairt le fios. Má fhaigheann tú monatóir digiteach ó do Leabharlann gheobhaidh tú léargas tapa ar do leibhéil radóin. 

Féadfaidh tú monatóir a fháil ar iasacht ar feadh 3 seachtaine, ar an mbealach céanna agus a bhfaighfeáleabhar ar iasacht. Tá an monatóir digiteach ar iasacht iniompartha agus an-éasca le húsáid. Is gléad riomhaire láimhe é a oibrítear le cadhnraí le scáileán taispeána atáéasca le léamh.

Monatóir Digiteach Radóin a Fháil ar Iasacht ó do Leabharlann

Téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil chun infhaighteacht a sheiceáil. Tá amanna oscailte agus suíomhanna ar fáil ANSEO. Mura bhfuil tú i do bhall den leabharlann thú, ní fadhb í sin. Tá ballraíocht leabharlainne saor in aisce, agus tig leat a bheith páirteach go héasca ag do bhrainse is gaire nó ar líne ANSEO.

;