
Imeachtaí agus Ionsachtaí
Glac 5 – Cleachtóir Cónaithe Cultúir & Cruthaitheachta – Gairm Oscailte – Dún na nGall
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, in éineacht le Cur Chun Cinn agus Feabhsú na Sláinte de chuid FSS, Limistéar Cúraim Sláinte Comhtháite, Dún na nGall, ar lorg Painéil de Chleachtóirí a bhfuil taithí acu don chlár Glac 5 – Sláinte agus Folláine Chruthaitheach an Oileáin Chomhroinnte – le bheith ag obair le pobail i gContae Dhún na nGall.
Idir mí Mheán Fómhair agus mí Dheireadh Fómhair 2025, beidh an clár Glac 5 – Sláinte agus Folláine Chruthaitheach an Oileáin Chomhroinnte, ag obair le pobail ar fud Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin, agus beidh cur chuige comhdheartha cruthaitheach acu i leith na sláinte agus na folláine.
Brief For Take 5 Cultural And Creative Practitioner In Residence Donegal
Application Form Cultural And Creative Practitioner In Residence Donegal
Achan bhliain cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall raon leathan d’imeachtaí agus tionscadal ar fáil nó fríd na Dámhachtainí Tionscadal Cultúir agus Cruthaitheachta.
In 2023 amháin, tionscnaíodh 47 tionscadal agus imeachtaí ó chroí-shruth maoinithe Éire Ildánach.
D’éirigh le 4 iarratas maoinithe breise do thionscadail bhreise.
Le hamharc ar achan tionscadal agus imeacht reatha agus thart, tabhair Cuairt ar Dún na naGall – Clár Eire Ildánach