
Fúinn
Is clár náisiúnta é Éire Ildánach a riartar go háitiúil, a nascann daoine, cruthaitheacht, agus folláine le chéile.
Bunaithe sa bhliain 2017, tháinig Éire Ildánach amach as Éire 2016, an tionscnamh rathúil stáit a chomóradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca. Tharraing an clár inspioráid ó fhreagairt urghnách an phobail maidir leis an comóradh céad bliain agus na mílte imeachtaí cultúrtha a rinne iniúchadh ar cheisteanna féiniúlachta, pobail, cultúir, oidhreachta agus saoránachta faoi stiúir Údaráis Áitiúla ar fud na Tíre.
Fríd comhpháirtíochtaí le rialtais áitiúil agus náisiúnta, le gníomhaireachtaí cultúrtha agus fiontair agus le fiontraíocht áitiúil, cumasaithe ag clár Éire Ildánach, cruthaíonn Comhairle Contae Dhún na nGall cosáin agus deiseanna do dhaoine agus do phobail a n-acmhainneacht chruthaitheach a bhaint amach.
I nDún na nGall, déanann an fhoireann Cultúir agus Cruthaitheachta, freagrach chun an clár Éire Ildánach a chur i bhfeidhm, ionadaíocht ar raon éagsúil de sheirbhísí Chomhairle Contae Dhún na nGall. Faigh tuilleadh eolais faoin bhfoireann ag Creative Communities - Creative Ireland Programme
Amharc ar bhaill na Foirne Cultúir agus Cruthaitheachta anseo
Cultúr le Chéile: Plean Straitéiseach don Rannán Cultúir 2022-2026

Buaicphointí Éire Ildánach 2024