Skip to main content Skip to main content

Acmhainn Dhigiteach Litearthachta Airgeadais Cúrsaí Airgid Seolta i Leabharlann Phobail na Rosann

17 Aib 2026

Tá áthas ar Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall fógra a thabhairt faoi sheoladh Cúrsaí Airgid, acmhainn dhigiteach nua litearthachta airgeadais, a seoladh Déardaoin, 16 Aibreán ag 10am i Leabharlann Phobail na Rosann.

Tharla an seoladh mar chuid de Seachtain um Chuimsiú Sóisialta rud a neartaíonn tiomantas na seirbhíse leabharlainne faisnéis inrochtana, iontaofa a sholáthar chun tacú le daoine aonair agus le  pobail ar fud i nDún na nGall. Sheol Cathaoirleach Cheantar Bardasach na nGleanntach, an Comhairleoir Michael McClafferty, an ócáid go hoifigiúil. Mhol sé an tionscnamh mar acmhainn luachmhar agus thráthúil do theaghlaigh atá ag streachailt le cúrsaí airgeadais atá ag athrú i gcónaí.

Forbraíodh seo i gcomhpháirtíocht le MABS (Seirbhís Chomhairle agus Buiséadaithe Airgid), agus tugann Cúrsaí Airgid faisnéis airgeadais suas chun dáta, iontaofa le chéile in aon spás amháin ar líne atá éasca le fáil isteach air. Ag clúdach topaicí ar nós buiséadú, coigilt, iasachtú, bainistíocht fiachais, agus pleanáil, tá an acmhainn deartha chun cuidiú le daoine muinín airgeadais a thógáil agus cinntí feasach a dhéanamh.

Tá Cúrsaí Airgid ar fáil anois i mBéarla agus i nGaeilge araon trí shuíomh gréasáin Leabharlann Dhún na nGall, agus nasc díreach ar fáil fosta ar gach ríomhaire poiblí do dhaoine fásta i Leabharlanna Dhún na nGall, rud a chinntíonn rochtain chomhionann do gach duine, beag beann ar scileanna digiteacha nó ar infhaighteacht gléasanna.

Tá an acmhainn mar chuid de chlár níos leithne Scileanna don Saol Leabharlanna Dhún na nGall, a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a threalmhú le heolas praiticiúil a thacaíonn le folláine, neamhspleáchas agus foghlaim ar feadh an tsaoil.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Nóirín Ní Dhubhgáin  ó MABS Dhoirí Beaga, a raibh ról lárnach aici i bhforbairt na hacmhainne:
“Tá MABS bródúil as comhoibriú le Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar chruthú Cúrsaí Airgid. Gach lá oibrímid le daoine a bhfuil faisnéis shoiléir, chruinn de dhíth orthu chun cabhrú leo a gcuid airgeadais a bhainistiú níos muiníní. Tugann an acmhainn seo an fhaisnéis sin go léir le chéile in aon áit amháin, rud a fhágann go bhfuil sé inrochtana do dhaoine aonair agus do theaghlaigh ar fud Dhún na nGall. Is céim thábhachtach í chun folláine airgeadais a neartú agus chun cuimsiú a chur chun cinn inár bpobail.” 

Chuir Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall buíochas in iúl as an gcomhpháirtíocht agus as tacaíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall:
Táimid thar a bheith sásta leis an bhfreagra ar sheoladh Cúrsaí Airgid. A bhuíochas lenár gcomhpháirtíocht le MABS, bhíomar in ann acmhainn a fhorbairt atá praiticiúil agus ábhartha araon do na dúshláin fhíora atá roimh ár bpobail inniu. Táimid thar a bheith buíoch don Chomhairleoir Michael Mac Laifeartaigh as an tionscnamh a sheoladh go hoifigiúil le linn Seachtain um Chuimsiú Sóisialta    cúlra oiriúnach d’acmhainn atá dírithe ar chumhachtú a thabhairt do gach duine leis na scileanna agus an fhaisnéis a theastaíonn uathu.”

Spreagtar baill den phobal iniúchadh a dhéanamh ar Cúrsaí Airgid trí shuíomh Gréasáin Leabharlann Dhún na nGall ag 
Scileanna don Saol | Comhairle Contae Dhún na nGall - Rannán Cultúir nó trí chuairt a thabhairt ar aon leabharlann i nDún na nGall inar féidir rochtain a fháil ar an acmhainn ar ríomhairí poiblí.

;