Skip to main content Skip to main content

My Little Library initiative 2025

19 May 2025

Free Little Library Book Bag for all children starting school from your local library

All children starting school this September are invited to visit their local library or Taobh Tíre Centre to pick up a My Little Library Book Bag and join the library if they are not already members. Book bags are available in English and Irish. All families are welcome to join the library too if they aren’t already members.


Nationally, the My Little Library initiative 2025 is expected to lead to tens of thousands of families in picking up their book bags and joining their local library. Since its launch, an average of 20,000 4-5-year olds have joined their local libraries annually.


The books and resources in the book bag support parents and their children in the transition to primary school. 

Speaking at the launch of the initiative in Donegal, Cathaoirleach of Donegal County Council, Cllr Niamh Kennedy stated that “The Little Library bag initiative is a fantastic way to support our youngest learners as they continue on their education journey into primary school. By giving every child starting school free books and resources, we are not only encouraging a love of reading but also building a strong foundation for lifelong learning. I’m delighted to see all our local libraries and Taobh Tíre centres in Donegal come together to support families in this way”


My Little Library is run in association with the Local Government Management Agency and delivered by local authorities. It is a collaboration between the Department of Children, Disability and Equality, the Department of Rural and Community Development, and Local Government Ireland.
For more information and to collect your Little Library Book Bag do please call to your local library or contact Donegal County Council Library Service HERE

Follow us on Facebook: @DonegalCountyLibrary

Follow us on Instagram: @donegallibrary

Cathaoirleach of Donegal County Council, Councillor Niamh Kennedy at the Donegal launch of the Little Library Bag initiative at Bundoran Community Library.

 

 

Tá mála “Mo Leabharlann Bheag” ar fáil saor in aisce ó do leabharlann áitiúil do gach leanbh atá ag tosú ar scoil.


Tugtar cuireadh do gach aon pháiste atá ag tosú ar scoil i mí Mheán Fómhair seo cuairt a thabhairt ar a leabharlann áitiúil nó ar Ionad Taobh Tíre leis na málaí leabhar a fháil agus le dul isteach sa leabharlann mura bhfuil siad ina mbaill cheana féin. Tá na málaí leabhar ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Tá fáilte roimh gach teaghlach a bheith ina mbaill den leabharlann fosta mura bhfuil siad ina mbaill cheana féin.


Go náisiúnta, táthar ag súil go dtógfaidh na mílte agus na mílte teaghlach na málaí leabhar leo agus go nglacfaidh siad le ballraíocht ina leabharlanna áitiúla mar thoradh ar an tionscnamh Mo Leabharlann Bheag 2025. Ó cuireadh tús leis an chéad lá riamh, ghlac thart ar 20,000 páiste, agus iad idir 4-5 bliana d’aois, ballraíocht ina leabharlanna áitiúla gach bliain.


Tacaíonn na leabhair agus na hacmhainní sa mhála leabhar, atá ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, le tuismitheoirí agus a bpáistí agus iad ag aistriú go dtí an bhunscoil.


Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Niamh Kennedy ag labhairt ag seoladh an tionscnaimh i nDún na nGall, “Is bealach iontach é an tionscnamh Mo Leabharlann Bheag chun tacú a thabhairt do na foghlaimeoirí is óige atá againn agus iad ag leanúint ar aghaidh lena n-aistear oideachasúil isteach sa bhunscoil. Trí leabhair agus acmhainní saor in aisce a thabhairt do gach aon  leanbh atá ag tosú ar scoil, ní hamháin go bhfuil muid ag spreagadh grá don léitheoireacht ach ag tógáil bonn láidir daoibh a bheith ag foghlaim ar feadh an tsaoil fosta. Tá lúcháir orm ár leabharlanna áitiúla agus ionaid Taobh Tíre uilig i nDún na nGall a fheiceáil ag teacht le chéile ag tabhairt tacaíochta do theaghlaigh ar an dóigh seo.”
Tá Mo Leabharlann Bheag á rith i gcomhar leis an nGníomhaire Bainistíochta Rialtais Áitiúil agus á chur i bhfeidhm ag údaráis áitiúla. Is comhoibriú é idir an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, agus Rialtas Áitiúil na hÉireann.


Le tuilleadh eolais a fháil agus le do mhála leabhar a fháil buail isteach chuig do leabharlann áitiúil nó déan teagmháil le Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall ANSEO


Lean muid ar Facebook: @DonegalCountyLibrary
Lean muid ar Instagram: @donegallibrary

;