Skip to main content Skip to main content

Cruinniú na nÓg 2025

19 May 2025

Free events for children and young people aged 0-18 years on Saturday June 7th.

This year Cruinniú na nÓg, the annual day of free creativity for children and young people, will take place on Saturday 7th June.

Here in Donegal there’s over 35 events the public can try for free, with venues and organisations all over the county taking part, from Carndonagh to Bundoran and Aráinn Mhór to Raphoe, in Family Resource Centres, Libraries, Arts Centres and Community Halls, there’s even a chance to get a STEM Lazer Maze posted to your house, and yes that’s free too !

All information on Donegal events, including booking details, are available at donegalculture.ie.

This year’s Donegal Cruinníu na nÓg young Ambassadors are Michael Deely from Donegal Town and Breegeen Boner from Ailt an Chorráin. They recently travelled to Limerick where the Minister Patrick O’Donovan officially launched this year’s Cruinniú na nÓg.

Micheál is 16 years old and his interests include the world of  Creative Design, Photography and Media Marketing. Last year he entered Junk Kouture with his friends, the main theme was the  Pink Tax and Period Poverty. He has also created two successful science projects; A dyslexia lamp with a difference and A Cookbook For People With Intellectual Disabilities. Breegeen is also 16 and is a singer-songwriter who has recently performed at Club Beo in Anagaire and loves all kinds of art and creating drawings, paintings and clay pieces.

Cruinniú na nÓg 2025 Ambassadors for Donegal Michael Deely from Donegal Town and Breegeen Boner from Ailt an Chorráin

The amazing location of Donegal Castle is the venue for one of this year’s flagship events as the Donegal Town Community Chamber and Donegal Family Resource Centre combine resources to provide a fabulous afternoon of activities. The Bluestacks Centre in Donegal Town will also provide their highly popular Creative Chaos again, which promises to be a day of truly messy fun.

Moville Tidy Towns will be encouraging everyone to build bird boxes on the village green, while young people in An Fal Carrach will be getting back to nature with Wild Awake’s Lucy O’Hagan,  and Inch Island will be the perfect location for the Guided Biodiversity Trail.

There is an enhanced As Gaeilge programme with events for the first time ar Óilean Arainn Mhór, and also in Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, An Fal Carrach, agus Machaire Rabhartaigh.

A number of programmes have been running over a longer period with the Donegal Traveller’s Project running Circus Workshops with In Your Space Circus and ISACS. Shared Island Projects have brought together schools in Donegal, Derry and Strabane.  Youth Theatre Ireland will be running a special Youth Theatre Day at An Grianán Theatre where people can avail of a special workshop after watching the youth theatres perform, and drama workshops will also be on offer in the Balor Theatre, The Abbey Centre and Amharclann Gaoth Dobhair.

Cruinniú na nÓg is the brainchild of the Creative Ireland Programme and is organised locally by Donegal County Council’s Culture & Creativity team with young people from the Donegal Youth Council.

All information on Donegal events, including booking details, are available at donegalculture.ie. Booking is essential for some of the activities where places are limited. National events and initiatives can be viewed at cruinniu.creativeireland.gov.ie/.

Cruinniú na nÓg is an initiative of the Creative Ireland Programme at the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport, and Media and is presented in partnership with RTÉ and the Local Authorities, and is administered in Donegal by Donegal County Council

********

Beidh Cruinniú na nÓg, lá bliantúil na cruthaitheachta saor in aisce do pháistí agus do dhaoine óga, ar siúl Dé Sathairn 7 Meitheamh i mbliana.

Beidh níos mó ná 35 imeacht anseo i nDún na nGall ar féidir leis an phobal triail a bhaint astu go hiomlán saor in aisce, le hionaid agus eagraíochtaí ar fud an chontae ag glacadh páirte ó Charn Domhnach go Bun Dobhráin agus ó Árainn Mhór go Ráth Bhoth, in Ionaid Acmhainní Teaghlaigh, i Leabharlanna, in Ionaid Ealaíon agus i Hallaí Pobail. Beidh deis ann fiú Lúbra Léasair ETIM a chur sa phost chuig do theach, agus tá sé sin saor in aisce fosta!

Tá an t-eolas ar fad faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl i nDún na nGall, agus sonraí faoi áirithintí a dhéanamh, ar fáil ag donegalculture.ie.

Is iad Ambasadóirí óga Chruinniú na nÓg do Dhún na nGall i mbliana ná Michael Deely as Baile Dhún na nGall agus Breegeen Boner as Ailt an Chorráin. Chuaigh siad go Luimneach ar na mallaibh, áit ar sheol an tAire Patrick O'Donovan Cruinniú na nÓg go hoifigiúil don bhliain seo.

Tá Micheál 16 bliana déag d’aois agus i measc na suimeanna atá aige tá Dearadh Cruthaitheach, Grianghrafadóireacht agus Margaíocht sna Meáin. Chuir sé isteach ar Junk Kouture lena chuid cairde anuraidh agus ba iad príomhthéamaí na bliana sin ná an Cháin Bhándearg agus an tAnás Míosta. Tá dhá thionscadal eolaíochta rathúla cruthaithe aige fosta; A dyslexia lamp with a difference agus A Cookbook For People With Intellectual Disabilities. Tá Breegeen 16 bliana d'aois fosta agus is amhránaí agus scríbhneoir í a sheinn i gClub Beo in Anagaire ar na mallaibh. Is breá léi gach cineál ealaíne, agus líníochtaí, pictiúir agus píosaí cré a chruthú.

Cruinniú na nÓg 2025 Ambassadors for Donegal Michael Deely from Donegal Town and Breegeen Boner from Ailt an Chorráin

Is é Caisleán Dhún na nGall an t-ionad do cheann de na príomhimeachtaí i mbliana agus cuirfidh Cumann Pobail Bhaile Dhún na nGall agus Ionad Acmhainní Teaghlaigh Dhún na nGall a n-acmhainní le chéile le tráthnóna lán gníomhaíochtaí den scoth a chur ar fáil. Cuirfidh Ionad na gCruach Gorm i mBaile Dhún na nGall Creative Chaos ar siúl arís chomh maith, a bhfuil an-dúil ag daoine ann, agus is cinnte go mbeidh sé ina lá lán spraoi agus prácáis.

Beidh Bailte Slachtmhara Bhun an Phobail ag spreagadh gach duine chun boscaí éan a thógáil ar fhaiche an tsráidbhaile. Beidh daoine óga ar an Fhál Carrach ag filleadh ar an dúlra le Lucy O'Hagan ó Wild Awake, agus beidh an Inis ina suíomh den scoth don Chosán Treoraithe Bithéagsúlachta.

Beidh clár feabhsaithe Gaeilge ar siúl le himeachtaí ar Árainn Mhór den chéad uair, agus i nGaoth Dobhair, i Rann na Feirste, sa Fhál Carrach, agus i Machaire Rabhartaigh fosta.

Tá roinnt clár ar siúl thar thréimhse níos faide agus tá Ceardlanna Sorcais á reáchtáil ag Tionscadal an Lucht Siúil i nDún na nGall le In Your Space Circus agus ISACS. Tá scoileanna i nDún na nGall, i nDoire agus sa Srath Bán tugtha le chéile ag Tionscadail um Oileán Comhroinnte.  Beidh Lá Amharclannaíochta speisialta don Aos Óg á reáchtáil ag Amharclann na nÓg Éireann in Amharclann an Ghrianáin, áit ar féidir le daoine leas a bhaint as ceardlann speisialta i ndiaidh amharc ar na daoine óga ar an ardán. Beidh ceardlanna drámaíochta ar fáil in  Ionad Ealaíon an Bhalor, in Ionad Ealaíon agus Cultúrtha na Mainistreach agus in Amharclann Gaoth Dobhair fosta.

Smaoineamh de chuid Chlár Éire Ildánach is ea Cruinniú na nÓg agus tá sé á eagrú go háitiúil ag foireann Chruthaitheachta & Chultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall le daoine óga ó Chomhairle Óige Dhún na nGall.

Tá an t-eolas ar fad faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl nDún na nGall, agus sonraí faoi áirithintí a dhéanamh, ar fáil ag donegalculture.ie. Caithfidh áit a chur in áirithe do chuid de na himeachtaí mar níl ach líon teoranta áiteanna ar fáil. Is féidir amharc ar imeachtaí agus ar thionscnaimh náisiúnta ag cruinniu.creativeireland.gov.ie/.

Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán is ea Cruinniú na nÓg agus cuirtear i láthair é i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus leis na hÚdaráis Áitiúla.

 

 

;