31 Mar 2025
Dive into the Magic of Reading this April with Donegal Libraries' Spring into Storytime!
Get ready for a month bursting with imagination and fun! Donegal Libraries are thrilled to present "Spring into Storytime," a delightful programme happening throughout April, designed to captivate children aged 0-10 and their families.
Spring into Storytime offers something for everyone, from lively interactive story sessions for toddlers to creative workshops for older children. Spring into Storytime offers a diverse range of events guaranteed to spark a love for reading. As part of the national Right to Read programme, we are committed to nurturing literacy and reading development for everyone, making learning an adventure.
Unwrap the Excitement:
- Themed Storytime Adventures: Journey into enchanting worlds with our lively, interactive story sessions, perfect for little listeners.
- Creative Workshops: Stories in Action! Transform stories into tangible creations with hands-on activities that ignite imagination.
- Special Guest Storytellers: Tales to Remember: Be enthralled by captivating performances from local authors, artists, and storytellers.
- LEGO Spring Creature Challenge: Let your imagination bloom as you build fantastical spring creatures with LEGO bricks!
- Cartoon Creation Workshops: Unleash Your Inner Animator: Bring your wildest cartoon characters to life and discover the magic of animation.
- Musical Magic Shows: A Symphony of Wonder: Experience the enchanting blend of music and magic in our interactive shows
At Donegal Libraries, we believe nurturing a passion for reading from an early age is essential. Our Spring into Storytime programme is free for all and crafted to be fun, accessible, and inclusive, ensuring every child experiences the joy of books.
Don't miss out! Visit your local Donegal Library to discover the specific event schedule and times. All events are free and open to everyone.
Stay Connected:
Check out our At a Glance guide HERE
For detailed information on all events, visit donegallibrary.ie
Follow us on Facebook: @DonegalCountyLibrary
Follow us on Instagram: @donegallibrary
Let's Spring into Storytime together!
Léim isteach i nDraíocht na Léitheoireachta i mí Aibreáin le Léim Isteach sa Scéalaíocht ar fud Leabharlanna Dhún na nGall!
Bí réidh le haghaidh míosa lán samhlaíochta agus spraoi! Tá Leabharlanna Dhún na nGall iontach sásta “Léim Isteach sa Scéalaíocht” a chur i láthair, clár aoibhinn a bheidh ar siúl i mí Aibreáin, atá dírithe ar leanaí idir 0-10 mbliana d’aois agus a dteaghlaigh.
Cuireann Léim Isteach sa Scéalaíocht rud éigin ar fáil d’achan duine, idir sheisiúin bhríomhara scéalta idirghníomhacha do lapadáin agus cheardlanna cruthaitheacha do leanaí níos sine. Tá réimse imeachtaí ar siúl mar chuid de Léim Isteach sa Scéalaíocht agus is cinnte go spreagfaidh siad suim sa léitheoireacht in achan duine. Mar chuid den chlár náisiúnta Ceart chun Léamh, táimid tiomanta d'fhorbairt litearthachta agus léitheoireachta a chothú do chách, rud a fhágann gur aistear lán eachtraíochta í an fhoghlaim.
Scaoil Saor na Sceitimíní:
Eachtraí Scéalaíochta le Téama: Léim isteach i ndomhan lán draíochta lenár seisiúin bhríomhara scéalta idirghníomhacha, atá fóirsteanach d’éisteoirí óga.
Ceardlanna Cruthaitheacha: Scéalta faoi Lán Seoil! Cruthaigh déantúis inláimhsithe bunaithe ar scéalta le gníomhaíochtaí praiticiúla a bhraitheann ar an tsamhlaíocht.
Aoi-Scéalaithe Speisialta: Scéalta le Cuimhneamh orthu: Bí faoi gheasa ag taispeántais tarraingteacha ó údair, ealaíontóirí agus scéalaithe áitiúla.
Dúshlán Créatúir Earraigh le LEGO: Scaoil do shamhlaíocht saor agus cruthaigh créatúir earraigh iontacha le brící LEGO!
Ceardlanna Cruthaithe Cartúin: Bí i do Bheochantóir: Tabhair leat na carachtair chartúin is fiáine chun beatha agus cuir spéis sa bheochan.
Seónna Draíochta Ceoil: Siansa Draíochtúil: Bain sult as an mheascán draíochtúil ceoil agus draíochta inár seónna idirghníomhacha.
I Leabharlanna Dhún na nGall, creidimid go bhfuil sé fíorthábhachtach spéis sa léitheoireacht a chothú ó aois an-óg. Tá ár gclár Léim Isteach sa Scéalaíocht saor in aisce d’achan duine agus é mar aidhm aige a bheith spraíúil, inrochtana agus ionchuimsitheach, ag cinntiú go mbaineann gach leanbh sult as aoibhneas na leabhar.
Ná caill an deis! Tabhair cuairt ar do Leabharlann áitiúil i nDún na nGall chun sceideal agus amanna na n-imeachtaí a fháil amach. Tá gach imeacht saor in aisce agus oscailte do chách.
Coinnigh Suas Chun Dáta:
Tuilleadh eolais ANSEO
- Chun mioneolas a fháil ar na himeachtaí go léir, tabhair cuairt ar donegallibrary.ie.
- Lean muid ar Facebook: @DonegalCountyLibrary agus Instagram: @donegalLibrary
Léimimis Isteach sa Scéalaíocht le chéile an t-Earrach seo!