Seachtain na Gaeilge
March, 02 Monday 09:00AM - 09:00PM
Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl go hIdirnáisiúnta ó 1 - 17 Márta 2026 agus tá clár fairsing imeachtaí Gaeilge beartaithe ag Rannóg na Gaeilge agus ag an tSeirbhís Leabharlainne sa Chomhairle Contae le cois grúpaí pobail eile ar fud Chontae Dhún na nGall.
Moltar don phobal a bheith rannpháirteach sa cheiliúradh beag beann ar a gcumas Gaeilge.
Féach ar an mbróisiúr le haghaidh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí go léir atá ar siúl ar fud an chontae