
Cruinniú Árainn Mhór
June, 07 Saturday 11:00AM - 04:00PM
Cruinniú na nÓg event - Check listing for venue information
Bígí linn a chairde ag Cruinniú na nÓg ar Oileán Árainn Mhór fá choinne deireadh seachtaine lán le drámaíocht, scéalaíocht, damhsa, ceol agus céilí!
Beidh ceardlanna spreagúla spraíoúla drámaíochta agus scéalaíochta do pháistí le Diarmuid de Faoite Dé Sathairn 7 Meitheamh.
Ar an Domhnach 8 Meitheamh, beidh scéalaíocht arís agus seisiuin cheoil agus ceili i gcomhar le Comhaltas Chloich an Fhaola.
Aisteoir agus scríbhneoir is ea Diarmuid de Faoite. Tá cáil bainte amach aige as a bheith ag aisteoireacht ar stáitse, i gcláir teilifíse agus i scannáin.
Is iomaí ceardlann agus caint atá tugtha ag Diarmuid i scoileanna, institiúidí acadúla agus ealaíne ar fud na hÉireann agus thar lear agus tá lúcháir orainn é a thabhairt go Tír Chonaic anois leis na scéalta a scaipeadh!
Saor in aisce ach is gá clárú ar https://form.jotform.com/251402468583055
07 Meitheamh 2025
- 11.00am-1.00pm Aois 5-10
- 1.00PM - 4.00PM Aois 11-15
Ar an Domhnach 8 Meitheamh, beidh scéalaíocht arís agus seisiuin cheoil agus ceili i gcomhar le Comhaltas Chloich an Fhaola.