
Reiligí Stairiúla
Is limistéir iad tailte adhlactha ina mbíonn daoine aonair agus grúpaí pobail i dteagmháil le gnéithe éagsúla dár n-oidhreacht seandálaíochta. Tá an chuid is mó de na reiligí níos sine i gContae Dhún na nGall ar Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna agus, mar a éilítear faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, ní mór cead a lorg i scríbhinn ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta dhá mhí sula mbeartaítear tús a chur le haon oibreacha atá beartaithe.
Féachann Comhairle Contae Dhún na nGall lena chinntiú go gcomhlíonann daoine aonair agus grúpaí atá ag pleanáil oibreacha ar thailte adhlactha an riachtanas reachtúil sin. Tá thart ar 50 reilig faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall. Le hachtú Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 2004, is Séadchomharthaí Náisiúnta aon láithreáin seandálaíochta ar Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna atá faoi úinéireacht/faoi chúram údarás áitiúil.
Ciallaíonn sé sin nach mór cead i scríbhinn a fháil ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sula ndéantar aon oibreacha ar na láithreáin sin nó gar dóibh. Ceanglaítear ar an Aire dul i gcomhairle le Stiúrthóir an Ard-Mhúsaeim chun cinneadh a dhéanamh.