Skip to main content Skip to main content

Seandálaíocht Chontae Dhún na nGall

Ar Ais go Músaem

Bíonn an bailiúchán déantán i Músaem Contae Dhún na nGall ag fás i gcónaí agus tá léiriú ann ar raon leathan tréimhsí agus topaicí.

Músaem Ainmnithe

Is “Músaem Ainmnithe” é Músaem Contae Dhún na nGall, faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1997, agus Acht na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1994. Tá sé i dteideal de réir dlí réada seandálaíochta a choinneáil thar ceann an Stáit. Ní thabharfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann réada ar iasacht lena dtaispeáint ach amháin do Mhúsaeim Ainmnithe.  Tá sé de chumhacht ag coimeádaithe Músaem Ainmnithe gníomhú thar ceann Stiúrthóir an Ard-Mhúsaem lena chinntiú go ndéantar réada a imscrúdú, a thuairisciú agus a chaomhnú mar mhaoin Stáit.

Cad is “Réad Seandálaíochta” ann?

Déantar cur síos ar Réad Seandálaíochta mar réad, “cibé acu i staid mhonaraithe nó pháirtmhonaraithe nó i staid neamhmhonaraithe í, ar mó go mór a luach, mar gheall ar an leas seandálaíochta a ghabhann léi nó mar gheall ar an bhaint atá aici le haon ócáid nó duine stairiúil Éireannach, ná a luach intreach (lena n-áirítear luach ealaíne), agus folaíonn an abairt sin iarsmaí ársa duine, ainmhí nó planda”. Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1994.

Is leis an Stát gach réad seandálaíochta a fhaightear nach bhfuil úinéir aitheanta aige. Má thagann tú ar réad seandálaíochta, caithfidh tú é a thuairisciú d’Ard-Mhúsaem na hÉireann, d’Ard-Mhúsaem Ainmnithe (cosúil le Músaem Contae Dhún na nGall) nó do na Gardaí.

Bailiúchán Sketchfab Mhúsaem Contae Dhún na nGall  

Thig leat amharc ar chuid de Bhailiúchán Seandálaíochta Mhúsaem Contae Dhún na nGall ar Sketchfab, ardán ar líne a ligeann duit míreanna 3D a fheiceáil go digiteach.  

Amharc anseo

;