
Acmhainní Taighde
Anseo thíos tá liosta acmhainní don Staidéar ar Dheich mBliana na gCuimhneachán i gContae Dhún na nGall (1912 - 1923)
• Foinsí Dheich mBliana na gCuimhneachán uasdátaithe: Cur i láthair a thugtar do scoileanna ar stair Dheich mBliana na gCuimhneachán (1912 - 1923)
• Cur i Láthair Staire Dheich mBliana na gCuimhneachán
• Stair Mhaisithe Dheich mBliana na gCuimhneachán: Cur i láthair a thugtar do ghrúpaí staire ar an Chéad Dáil agus Dún na nGall.
• Dún na nGall agus an Chéad Dáil: Cur i láthair gairid ar an Saol i 1916 (do bhunscoileanna)
• Cur i Láthair ar an Saol i nDún na nGall i 1916: Contae Dhún na nGall in 1916 (Cur i láthair ar Chontae Dhún na nGall in 1916 le tionchar Éirí Amach na Cásca - le haghaidh tuilleadh sonraí ar an ábhar seo féach an Pacáiste Staire agus Oidhreachta thíos.)
• Contae Dhún na nGall i 1916: Acmhainní Oideachais i gCartlann Chontae Dhún na nGall do dhaltaí Bunscoile agus Dara Leibhéal (Stair na hArdteistiméireachta ach go háirithe): Cur i láthair Cartlannaí do Mhúinteoirí
• Acmhainní cartlainne don Dara Leibhéal
• Foinsí Cartlainne do Scoláirí na hArdteiste
Deich mBliana d’Athrú: Dún na nGall agus Éire, 1912 – 1923 Pacáiste Staidéir Doiciméad (pacáiste oideachais do dhaltaí dara leibhéal)
D’fhorbair Cartlann Chontae Dhún na nGall an pacáiste oideachais seo ina bhfuil: (1) leabhrán maisithe ina ndéantar cur síos ar stair na tréimhse seo in Éirinn agus ina ndírítear ar Dhún na nGall go háirithe; (2) 18 bhfacsamhail ar ardchaighdeán de dhoiciméid ó Chartlann Chontae Dhún na nGall agus ó bhailiúcháin eile, agus tras-scríbhinní; (3) ceisteanna atá deartha le cuidiú le scoláirí eolas atá sna facsamhlacha a scrúdú, (4) beathaisnéisí gairide na bpríomhimreoirí náisiúnta agus áitiúla sa tréimhse seo sa stair.
Tá an pacáiste staidéir seo fóirsteanach do mhúinteoirí agus do dhaltaí staire sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht agus cuimsíonn sé rogha cleachtaí bunaithe ar an churaclam (Teastas Sóisearach) ar chúl achan doiciméid.
Bheadh an pacáiste ina réamhrá iontach úsáideach ar an ábhar d’fhochéimithe i stair na hÉireann sa lá atá inniu ann. Acmhainn atá sa phacáiste do mhúinteoirí agus do dhaltaí a thiocfadh a úsáid le linn na ndeich mbliana de chomóradh agus ina dhiaidh sin fosta. Tá an pacáiste ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí, scoileanna agus coláistí.
Leabhráin agus Bileoga oibre do Dheich mBliana d’Athrú:
• Leabhrán do Dheich mBliana d’Athrú
• Bileoga oibre do Dheich mBliana d’Athrú
Contae Dhún na nGall i 1916: Pacáiste Oideachais Staire agus Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ‘Ón Imeall’
Chuir Cartlanna, Leabharlann, Músaem agus Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall pacáiste oideachais ar fáil mar chuid de chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 2016, ina bhfuil leabhrán le léaráidí 64 leathanach a thugann léargas ar stair chontae Dhún na nGall an bhliain sin, agus 19 bhfacsamhail de chartlanna agus de ghrianghraif le ceisteanna agus cleachtaí do dhaltaí.
Faigh thíos an pacáiste oideachais roinnte ina thrí pdf, chomh maith leis na facsamhlacha i dtrí pdf. Fanann cóipcheart le Comhairle Contae Dhún na nGall, agus le hachan úinéir eile íomhánna atá sa phacáiste; agus níl cead iad a athchruthú gan cead a fháil roimh ré. Thig an pacáiste a phriontáil agus a úsáid i scoileanna nó le haghaidh taighde príobháideach.
• Pacáiste Staidéir Oideachais ar 1916 - 1
• Pacáiste Staidéir Oideachais ar 1916 - 2
• Pacáiste Staidéir Oideachais ar 1916 - 3
• Facsamhlacha 1916 i mBéarla - 1
• Facsamhlacha 1916 i mBéarla - 2
• Facsamhlacha 1916 i mBéarla - 3
Leabharliostaí 1916
Foilsíodh na leabharliostaí do dhaoine fásta agus do dhaoine óga chun Éirí Amach na Cásca 1916 a chomóradh agus tá réimse leathan teideal ón chéad bliain idir an dá am.