Skip to main content Skip to main content

Tacaíocht d’Eagraíochtaí Ealaíne Gairmiúla Aonair

Ar Ais go Ealaíon

Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall tús lena Clár Maoinithe Ioncaim um Chomhpháirtíochtaí Straitéiseacha in 2004 mar fhreagra ar an mhéadú atá ag teacht ar líon na n-eagraíochtaí ealaíon neamhspleácha, a bhainistítear go gairmiúil, sa chontae. Ceapadh an Clár chun tacú le croíghréasán d’eagraíochtaí ealaíon straitéiseacha, áitiúla, neamhspleácha agus chun é a neartú, agus ar an dóigh sin bonn a chinntiú d’earnáil ealaíon bhríomhar agus chobhsaí sa chontae, agus bhí sé ina ábhar gníomhaíochta in ‘Saol agus Saoithiúlacht - Plean Straitéiseach de chuid Sheirbhísí Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún na nGall 2001-2006’. Rinneadh foráil leis an ghníomhaíocht sin maidir le ‘comhaontuithe cistiúcháin ioncaim speisialta níos fadtéarmaí a fhorbairt le roinnt grúpaí ealaíon agus tionscnaimh ealaíon ar leith, mar aitheantas ar na hardchaighdeáin chomhsheasmhacha maidir le barr feabhais agus nuálaíocht ealaíonta atá bainte amach acu go háitiúil agus go náisiúnta.’ Leagtar béim bhreise ar an tiomantas chun tacú le heagraíochtaí ealaíon gairmiúla, agus le healaíontóirí gairmiúla aonair, sa rannán reatha ‘Cultúr le Chéile: Plean Straitéiseach don Rannán Cultúir 2022-2026’. 
 
Cuireann an Clár ar chumas Chomhairle Contae Dhún na nGall dul i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí forbartha ealaíon eile – i.e. An Chomhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta, Cuideachtaí Forbartha Áitiúla (Clár Cheannaire an Aontais Eorpaigh) – maidir le maoiniú ioncaim dhírigh a sholáthar do líonra d'eagraíochtaí ealaíon sa chontae a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, atá neamhspleách agus a bhainistítear go gairmiúil.
 
I measc na n-eagraíochtaí ealaíon gairmiúla ar tugadh cúnamh dóibh faoin Scéim ón tús bhí Ionad Ealaíon 'Balor' agus Ealaíona Pobail Forbartha 'Balor' (Bealach Féich), Ionad Ealaíon na Mainistreach (Baile Sonnáin), 'Artlink' (An Dún Riabhach, Bun Cranncha), 'Ceardlann a’ Croisbhealach' (An Gailearaí, Doire Beag), agus 'Summer Palace Press' (Cill Chartha).
 
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim seo, agus faoi scéimeanna maoinithe eile go háitiúil agus go náisiúnta, a d'fhéadfadh a bheith chun leasa eagraíochtaí ealaíon gairmiúla sa chontae, déan teagmháil leis an tSeirbhís Ealaíon. 
Má theastaíonn aon eolas eile uait nó má tá fiosrúchán agat - Amharc ar an mhír Fúinn. 

;