Taispeántais
Tá na taispeántais atá liostaithe thíos ar fáil ar iasacht d'ionaid oidhreachta, do leabharlanna, d'ionaid seirbhíse poiblí, do mhúsaeim, d'ionaid phobail etc.
Téigh i dteagmháil linn _más mian leat fiosrú a dhéanamh faoi infhaighteacht.
Taispeántais
Taispeántas: Turas tríd an Stair : Íomhánna ó Chartlann Chontae Dhún na nGall
Caidé ábhar an Taispeántais?
Is taispeántas camchuairte é an taispeántas ildaite seo atá á choimeád ag Cartlann Chontae Dhún na nGall (Seirbhís Chartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall) ina bhfuil 12 seastán tarraingthe suas, gach ceann acu bunaithe ar bhailiúchán nó téama a léirítear go láidir i mbailiúchán Chartlann an Chontae. Is iad sin: Na hEalaíona agus an Chartlann; Ard-Ghiúiré Dhún na nGall; Iarnróid Chontae Dhún na nGall; Scoileanna & Scolaíocht i gCo. Dhún na nGall; Bailiúchán Joseph Murray; Tithe na mBocht de chuid Dhún na nGall; An CLG i gCo. Dhún na nGall; Dún na nGall Coimhthíoch agus Aisteach; Cartlann Eisimirce Dhún na nGall; Léarscáileanna Dhún na nGall; Toghcháin agus an Toghlach; Mná Dhún na nGall.
Déantar iniúchadh sa taispeántas ar go leor de na téamaí agus na himeachtaí stairiúla a bhfuil tábhacht ag baint leo le 250 bliain anuas i gContae Dhún na nGall trí chartlanna bunaidh ar nós grianghraif, litreacha, póstaeir, cáipéisí oifigiúla, fógraí poiblí, fógráin, léarscáileanna, pleananna, meamraim, nótaí agus ailt nuachtáin, iad ar fad ó Bhailiúchán Chartlann Chontae Dhún na nGall. Is é cuspóir an taispeántais éagsúlacht na mbailiúchán cartlainne suimiúil agus tarraingteach atá i seilbh na seirbhíse a chur ar taispeáint agus ábhar cartlainne a thabhairt isteach do lucht féachana chomh leathan agus is féidir, lena n-áirítear taighdeoirí leasmhara, daoine áitiúla, grúpaí oidhreachta agus staire, múinteoirí agus scoláirí agus cuairteoirí chuig an chontae. Tá sé mar aidhm aige feasacht ar chartlanna áitiúla agus ar stair áitiúil a mhéadú agus a luach bunúsach a léiriú.
Tá dhá shraith ann, ceann i mBéarla agus ceann i nGaeilge.
Amharc ar an taispeántas i mBéarla nó i nGaeilge thíos:
Déantar ceiliúradh sa taispeántas sin, a seoladh roinnt blianta ó shin, ar bhreis agus 200 bliain de stair uathúil Dhún na nGall agus ar thábhacht na staire áitiúla sa tsaol laethúil. Taispeánann sé grianghraif agus doiciméid ón iliomad bailiúchán i gCartlann an Chontae. Is samplaí iad na híomhánna atá ar taispeáint ó na mílte cartlann áitiúil, de bhunús poiblí agus príobháideach araon, a chuimsíonn gabháltais Chartlann Chontae Dhún na nGall. Tá roinnt grianghraf faoi úinéireacht phríobháideach san áireamh fosta a tugadh ar iasacht dúinn go cineálta don taispeántas.
Léiríonn na painéil tábhacht agus ábharthacht na staire áitiúla don tsaol, agus sin an chúis leis an teideal An tAm atá thart san am i láthair. Mar shampla, níl na tithe bocht de chuid Dhún na nGall ann a thuilleadh ach maireann na cuimhní. B'fhéidir go bhfuil na hiarnróid imithe ach tá a dtionchar go fóill le mothú inniu.
Léiríonn an taispeántas fosta naisc mharthanacha idir an t-am atá thart agus an t-am i láthair. Bhí saol na nglúnta a d'fhás aníos i mbailte, i sráidbhailte agus faoin tuath i nDún na nGall céad bliain ó shin an-difriúil leis an tsaol a bhí ann ó shin; Ach tá an t-am atá caite go fóill ag dul i bhfeidhm ar dhaoine atá ina gcónaí ann inniu. Níl na seanphictiúrlanna ann a thuilleadh ach is breá linn go fóill dul chuig na scannáin. Tá athrú tagtha ar an churaclam thar na blianta ach maireann na roll-leabhair scoile agus go leor d'fhoirgnimh na scoile mar an gcéanna. Tá leanúnachas lenár stair, rud a léirítear sa taispeántas.
I measc na dtéamaí tá Páistí Dhún na nGall, Áitribh, Laethanta na hOibre Maslaí, Spraoi & Cluichí, Turais Siar, Creideamh agus Adhradh, Daonlathas Áitiúil, Tiarnaí Talún agus Tionóntaí, agus Coimhlint.
- Taispeántas 'An tAm atá thart san am i láthair', painéal 1
- Taispeántas 'An tAm atá thart san am i láthair', painéal 2
- Taispeántas 'An tAm atá thart san am i láthair', painéal 3
Stair ar fhorbairt na n-údarás áitiúil nua-aimseartha in Éirinn, arna léiriú ag Cartlannaithe agus Bainisteoirí Taifead Rialtais Áitiúil chun 120 bliain de rialtas áitiúil nua-aimseartha in Éirinn a chomóradh. San áireamh tá íomhánna agus ábhar a bhaineann le Comhairle Contae Dhún na nGall.