
Bailiúchán Staire ó Bhéal
Na Macallaí de Thionscadal Deich mBliana na Staire Béil
Comhthionscadal de chuid Chartlann Chontae Dhún na nGall agus Iarsmalann Chontae Dhún na nGall ab ea Macallaí na Deich mBliana, a mhaoinigh an SEUPB faoin Chlár 'Peace IV' agus a bhí ar siúl ó Eanáir 2020 go hAibreán 2021.Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal Mhacallaí na Deich mBliana tuiscint ar thraidisiúin agus insintí cultúrtha éagsúla a chur chun cinn. Dhírigh an tionscadal ar an oidhreacht maidir le Deich mBliana na gCuimhneachán in Éirinn (1912-23) agus ar oidhreacht na mblianta sin i gContae Dhún na nGall. Bhí ceardlanna le leanaí agus le daoine óga i gceist leis an tionscadal trasphobail sin, chomh maith le tionscadal Staire Béil. Bhí sé mar aidhm ag an tionscadal Mhacallaí na Deich mBliana tuiscint ar thraidisiúin agus insintí cultúrtha éagsúla a chur chun cinn.
Tharla snáithe na Staire Béil den tionscadal le linn Fhómhar agus Gheimhreadh 2020.Chuir an staraí ó bhéal Regina Fitzpatrick agallamh ar 12 dhuine (ar an ghuthán) as achan chearn de Chontae Dhún na nGall. Tá taifead thar a bheith luachmhar coinnithe ag na taifeadtaí sin ar chuimhní Dhún na nGall a cailleadh le linn na tréimhse cinniúnaí sin inár stair le déanaí.
Tá na hagallaimh thaifeadta sin anois i mBailiúchán Chartlann Chontae Dhún na nGall. Tá uasdátú déanta ar 11 cheann de na taifid seo. Is mian leis an tSeirbhís Chartlainne buíochas ó chroí a ghabháil leis na rannpháirtithe go léir sa tionscadal, go háirithe na hagallaithe a thug a gcuid ama saor in aisce le linn na chéad bhliana de phaindéim Covid-19. Tá buíochas mór ag dul do Regina Fitzpatrick fosta as tabhairt faoin tionscadal staire béil sin agus as é a dhéanamh chomh hiontach sin.
Niall McGinley Interview Description (updated)
To listen to Niall and Brian McGinley's interview, please make an appointment with the Archives Service