Skip to main content Skip to main content

Acmhainní Foghlama

Ar Ais go Cartlanna

Tugann an tSeirbhís Chartlainne faoi chláir ghníomhaíochtaí atá dírithe ar scoláirí agus ar sholáthraithe oideachais i gContae Dhún na nGall. 

Is é aidhm an chláir seo feasacht a mhéadú maidir leis an tábhacht a bhaineann le cartlanna áitiúla agus maidir leis an úsáid a d'fhéadfaí a bhaint as bailiúchán fairsing doiciméad atá á gcaomhnú ag Cartlann an Chontae i Leifear do scoláirí agus do mhúinteoirí.

Cliceáil ar na naisc thíos chun cuid de na hacmhainní atá ar fáil a fháil amach.

Treoir do Mhúinteoirí agus do Scoláir

Tá Treoir maidir leis na bailiúcháin chartlainne curtha le chéile ag an tSeirbhís Chartlainne atá dírithe ar mhúinteoirí agus ar scoláirí. Áirítear sa Treoirleabhar sonraí faoi na mórbhailiúcháin atá i gCartlann an Chontae chomh maith le nótaí do mhúinteoirí maidir le cén dóigh a bhféadfaí iad a úsáid chun stair áitiúil a theagasc. 

 

Cuir i Láthair agus Foinsí do Scoláirí

Foinsí don Staidéar ar Dheich mBliana na gCuimhneachán i gContae Dhún na nGall (1912 - 1923)

Tugtar le cur i láthair do scoileanna maidir le stair Dheich mBliana na gCuimhneachán (1912 - 1923)

Cur i láthair a thugtar do ghrúpaí staire ar an Chéad Dáil agus Dún na nGall. 

Cur i láthair gairid ar an Saol i 1916 (do bhunscoileanna)  

Contae Dhún na nGall i 1916 (Cur i láthair ar Chontae Dhún na nGall i 1916 le tionchar Éirí Amach na Cásca - le haghaidh tuilleadh sonraí ar an ábhar seo féach an Pacáiste Staire agus Oidhreachta thíos.)

Acmhainní Oideachais i gCartlann Chontae Dhún na nGall do dhaltaí Bunleibhéil agus Dara Leibhéal (Stair na hArdteistiméireachta ach go háirithe): Cur i láthair Cartlannaí do Mhúinteoirí. 

Pacáistí Oideachais

Mar chuid de Chuimhneachán Cholmcille 1500 (2021 - 2022), rinne Cartlann Chontae Dhún na nGall (Seirbhís Cartlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall) le Abarta Heritage pacáiste oideachais bunscoile Cholmcille: Saol agus Oidhreacht, ina bhfuil leabhrán ina leagtar amach stair agus oidhreacht Naomh Colmcille chomh maith le leabhar oibre ina bhfuil cleachtaí agus ceisteanna do scoláirí sa rang. Tá an pacáiste ar fáil i gcóip chrua agus ar líne (thíos) do scoileanna i mBéarla agus/nó i nGaeilge araon.

Le páirtmhaoiniú ó Éire Ildánach.

**Chun cóipeanna crua den phacáiste a fháil, déan teagmháil leis an gcartlannaí ag archivist@donegalcoco.ie **

Leabhrán agus saotharleabhar Béarla

Pacaiste agus bileoga as Gaeilge                                                            

Tá Éire páirteach i gcomóradh deich mbliana ar a dtugtar an tréimhse réabhlóideach i stair na hÉireann le déanaí, a chlúdaíonn na blianta ó thart ar 1912 go 1923. Mar chuid de chomóradh Chartlann Chontae Dhún na nGall ar na himeachtaí ríthábhachtacha seo inár stair tá pacáiste staidéir doiciméid atá dírithe ar scoileanna dara leibhéal agus ar dhaoine a bhfuil suim acu sa tréimhse sin de stair na hÉireann. Is éard atá sa phacáiste oideachais seo: (1) leabhrán maisithe ina ndéantar cur síos ar stair na tréimhse seo in Éirinn agus ina ndírítear ar Dhún na nGall go háirithe; (2) facsamhlacha ar ardchaighdeán de dhoiciméid ó Chartlann Chontae Dhún na nGall agus ó bhailiúcháin eile, agus tras-scríbhinní; (3) ceisteanna atá deartha le cuidiú le scoláirí eolas atá sna facsamhlacha a scrúdú, (4) beathaisnéisí gairide na bpríomhimreoirí náisiúnta agus áitiúla sa tréimhse seo sa stair.

Scrúdaíonn an leabhrán an tréimhse ríthábhachtach sin inár stair le déanaí ó Chontae Dhún na nGall agus ó pheirspictíocht náisiúnta araon. Áirítear sa phacáiste réamhrá ar na mórimeachtaí in Éirinn ó 1870 – 1912 agus ansin scrúdaítear an tréimhse 1912 – 1923, ag díriú ar théamaí ar leith, go náisiúnta agus i nDún na nGall: An Tríú Bille Rialtais Dúchais; Friotaíocht in aghaidh na Rialach Dúchais; An Chéad Chogadh Domhanda; Éirí Amach 1916; Cogadh na Saoirse; An Conradh Angla-Éireannach agus an Conradh Angla-Éireannach; An Cogadh Cathartha agus an Iarmhairt agus an Oidhreacht.

Sa ghné maidir le staidéir dhoiciméid den phacáiste tá 18 macasamhail ardchaighdeánacha de chartlanna (facsamhlacha). Baineann na cáipéisí sin le gach ceann de na príomhthéamaí agus tugann siad dearcthaí éagsúla ar na mórimeachtaí sin de réir mar a tharla siad i nDún na nGall. Tá tras-scríbhinní de dhoiciméid lámhscríofa san áireamh.

Tá an pacáiste staidéir seo fóirsteanach do mhúinteoirí agus do dhaltaí staire sa Teastas Sóisearach agus san Ardteistiméireacht agus cuimsíonn sé rogha cleachtaí bunaithe ar an churaclam (Teastas Sóisearach) ar chúl achan doiciméid. Bheadh an pacáiste ina réamhrá iontach úsáideach ar an ábhar d’fhochéimithe i stair na hÉireann sa lá atá inniu ann. Acmhainn atá sa phacáiste do mhúinteoirí agus do dhaltaí a thiocfadh a úsáid le linn na ndeich mbliana de chomóradh agus ina dhiaidh sin fosta. Tá an pacáiste ar fáil saor in aisce do mhúinteoirí, scoileanna agus coláistí. 

PDFanna Dheich mBliana d’Athrú: Leabhráin agus Bileoga oibre (facsamhlacha): 

Chuir Cartlann, Leabharlann, Músaem agus Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall pacáiste oideachais ar fáil mar chuid de chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 2016, ina bhfuil leabhrán le léaráidí 64 leathanach a thugann léargas ar stair chontae Dhún na nGall an bhliain sin, agus 19 bhfacsamhail de chartlanna agus de ghrianghraif le ceisteanna agus cleachtaí do dhaltaí. Faigh thíos an pacáiste oideachais roinnte ina thrí pdf, chomh maith leis na facsamhlacha i dtrí pdf. Fanann cóipcheart le Comhairle Contae Dhún na nGall, agus le hachan úinéir eile íomhánna atá sa phacáiste; agus níl cead iad a athchruthú gan cead a fháil roimh ré. Thig an pacáiste a phriontáil agus a úsáid i scoileanna nó le haghaidh taighde príobháideach. 

  • Pacáiste Staidéir Oideachais ar 1916 - 1
  • Pacáiste Staidéir Oideachais ar 1916 - 2
  • Pacáiste Staidéir Oideachais ar 1916 - 3
  • Facsamhlacha 1916 i mBéarla - 1
  • Facsamhlacha 1916 i mBéarla - 2
  • Facsamhlacha 1916 i mBéarla - 3

Tionscadal nuálach curaclam staire bunscoile ab ea Pacáiste Facsamhla do Bhunscoileanna (tionscadal 2006) a fuair tacaíocht ón Chomhairle Oidhreachta agus ó Ionad Oideachais Dhún na nGall.

Ba é aidhm an tionscadail sin feasacht ar chartlanna áitiúla agus ar stair áitiúil a mhéadú trí ábhar cartlainne a thabhairt isteach do leanaí ag aois óg, ar bhealach nach gcuireann aon bhagairt ar chaomhnú na ndoiciméad.

D'fhéadfadh na pacáistí a bheith ina gcabhair teagaisc an-ilghnéitheach le húsáid i ranganna staire, tíreolaíochta, cathartha nó staidéir shóisialta agus déantar iad a ionramháil go furasta sa seomra ranga.

Léiríonn ábhar cartlainne nádúr na fianaise, ag tabhairt isteach coincheap na bhfoinsí bunscoile agus tánaisteacha agus is féidir leis cabhrú le raon leathan scileanna imscrúdaithe agus léirmhínithe a fhorbairt i scoláirí.

Socraítear doiciméid sa phacáiste faoi thopaicí a thógtar go díreach ó churaclam na bunscoile agus áirítear orthu: Tithe agus Mo Cheantar, Scoileanna agus an Saol sa Naoú hAois Déag.

Tá pacáistí ann do cheithre réigiún éagsúla i gcontae Dhún na nGall, mar aon le facsamhlacha de dhoiciméid ón Chartlann a bhaineann leis na réigiúin. I measc na ndoiciméad tá grianghraif de bhailte, fógraí iarnróid agus grianghraif de thraenacha agus de mhodhanna eile iompair, pleananna iostán sclábhaithe, taifid scoile, sleachta as cláir tithe oibre, agus póstaeir iascaigh.

PDFanna DE PHACÁISTE CARTLAINNE FACSAMHLA DO BHUNSCOILEANNA 

Chun comóradh 400 bliain a dhéanamh ar Imeacht na nIarlaí, le tacaíocht airgeadais ón Chiste Idirnáisiúnta d'Éirinn, tá Pacáiste Staidéir Dhoiciméid curtha le chéile ag an tSeirbhís Chartlainne do scoileanna dara leibhéal i gContaetha Dhún na nGall, Thír Eoghain agus Dhoire. Tá rogha facsamhlacha de dhoiciméid ón 16ú agus ón 17ú haois sa phacáiste a chlúdaíonn na himeachtaí roimh Imeacht Iarla Thír Eoghain agus Thír Chonaill agus Plandáil Uladh ina dhiaidh sin. Tá cúlra tosaigh ann fosta ar stair an Imeachta, chomh maith le bileoga oibre. Rinne Ciara Joyce taighde agus scríobh ar an phacáiste sin do Chartlann Chontae Dhún na nGall.

Tá cóipeanna den phacáiste ar fáil ar iarratas do scoileanna ar fud na tíre. 

* Tabhair faoi deara: tá Facsamlacha de Phacáiste Imeacht na nIarlaí ar fáil ar iarratas ó archivist@donegalcoco.ie

 

Tá an pacáiste Phlandáil Uladh, a táirgeadh chun comóradh 400 bliain a dhéanamh ar an Phlandáil i gCúige Uladh, dírithe go príomha ar scoileanna dara leibhéal, agus tugann sé réamhrá don tréimhse ríthábhachtach sin i stair na hÉireann, lena n-áirítear na mórimeachtaí a bhaineann leis an Phlandáil suas go dtí teacht Oliver Cromwell go hÉirinn i 1649. Cuimsíonn sé cúlra don scéim oifigiúil plandála, roinnt na talún, na nuatheachtaithe go hUlaidh agus an éirí amach ina dhiaidh sin i gCúige Uladh i 1641.

Úsáideann an pacáiste facsamhla de dhoiciméid bhunaidh ón tréimhse chun cur síos a dhéanamh ar na himeachtaí stairiúla sin i stair na hÉireann, a n-iarrtar ar scoláirí scrúdú a dhéanamh orthu agus roinnt ceisteanna a fhreagairt ina leith. Ní hamháin go léiríonn sé sin luach na ndoiciméad cartlainne, ach cabhraíonn sé fosta le taighde riachtanach agus scileanna anailíseacha a fhorbairt i scoláirí.

I measc na ndoiciméad sa phacáiste seo tá litreacha, forógraí, léarscáileanna agus léaráidí, arna soláthar ag príomhchartlanna agus leabharlanna in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, lena n-áirítear Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Leabharlann Pálás Lambeth, Londain.

Dáileadh an pacáiste ar scoil i gContaetha Dhún na nGall agus Dhoire agus is féidir le scoileanna agus coláistí chomh maith le daoine aonair cóipeanna a fháil go fóill ach iad a iarraidh. 

Cuairt ar an Chartlann

Tá fáilte roimh mhúinteoirí cuairt a thabhairt ar Chartlann an Chontae chun amharc ar dhoiciméid agus chun eolas a fháil faoi stair na mbailiúchán. Is gá coinne a dhéanamh. Chun eolas a fháil faoin dóigh le háirithint a dhéanamh, tabhair cuairt ar 'tabhair cuairt orainn' le do thoil.

;