15 Aib 2026
Beidh caint leis an Ollamh Emeritus John Sweeney ó Ollscoil Mhá Nuad ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn, Déardaoin 23 Aibreán ag 6.30pm. Saorchead isteach.
Is ceannaire i ngníomhú ar son na haeráide in Éirinn é an tOllamh Sweeney; tá breis is 100 páipéar eolaíoch foilsithe aige agus tá saothar go leor scríofa aige ar chuid mhór gnéithe éagsúla a bhaineann le clíomeolaíocht agus leis an athrú aeráide in Éirinn. Bhí baint aige le go leor tionscadal taighde idirnáisiúnta agus bhí sé i gceannas ar mhórán tionscadal taighde atá maoinithe go náisiúnta, a dhéanann iniúchadh ar ghnéithe éagsúla den athrú aeráide in Éirinn. Chaith an tOllamh Sweeney go leor ama ag plé le tuarascálacha ón Phainéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide, gné ar bronnadh Duais Nobel na Síochána uirthi,
Dúirt an tOllamh Sweeney, “Tá áthas orm a bheith i gcomhpháirtíocht le Europe Direct Leitir Ceanainn don ócáid seo. Tá déine agus líon na dtréimhsí drochaimsire ag méadú agus is léiriú é sin go bhfuil cruachás na haeráide agus na bithéagsúlachta ag méadú, in ainneoin go bhfuil neamhaird á déanamh air seo ag leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. B’fhurasta na héifeachtaí a bhaineann le hathrú fearthainne, le leibhéal na farraige agus le ganntanas sa bhithéagsúltacht, a fheiceáil in Éirinn, agus i nDún na nGall ach go háirithe. De bharr dul chun cinn san eolaíocht aeráide le déanaí, is léiriú é seo fosta ar an phráinn atá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú de réir mar a thagann pointí claochlaithe chun cinn, nó nuair a sháraítear iad fiú. Tá easpa muiníne ag baint le cur i bhfeidhm beartas náisiúnta. Ina áit sin, tá roghanna polaitiúla gearrthéarmacha á ndéanamh mar fhreagairt ar ghrúpaí brú cumhachtacha atá ag eascairt as buiséid charbóin atá ina cheangal ó thaobh dlí de. Is bagairt mhór í an easpa gnímh do shochaí na hÉireann sna deich mbliana atá amach romhainn.”
Tá Europe Direct i Leitir Ceanainn lonnaithe sa Lárleabharlann. Cuireann siad eolas faoin AE ar fáil i nGaeilge i Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair. I measc na seirbhísí a chuireann siad ar fáil tá:
• Eolas agus Rochtain ar fhoilseacháin agus ar bhróisiúir ó institiúidí an AE.
• Eolas faoi dheiseanna taistil do dhaoine óga trí Erasmus+ agus Discover EU.
• Rochtain ar Ríomhairí Pearsanta le hábhair a bhaineann leis an AE a chuardach.
• Nasc saorghlao chuig Deasc Chabhrach Europe Direct.
• Imeachtaí, cainteanna, taispeántais, agus comórtais.
Chun áit a chur in áirithe don imeacht seo a bhfuil saorchead isteach chuige, seol r-phost chuig eudirect@donegallibrary.ie nó cuir scairt ar an Lárleabharlann ar 074 91 24950
![]()