Skip to main content Skip to main content

Taifead ar Dhéanmhais Chosanta

Ar Ais go Oidhreacht Thógtha agus Ailtireachta

Faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, tá sé de dhualgas ar achan Údarás Áitiúil in Éirinn Taifead ar Dhéanmhais Chosanta a sholáthar agus a choinneáil. Is é is cuspóir don Taifead ar Dhéanmhais Chosanta struchtúir, nó codanna de struchtúir, ‘ar cuid den oidhreacht ailtireachta iad agus a bhfuil spéis ar leith ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúrtha, eolaíochta, sóisialta nó teicniúil ag baint leo, a chosaint. Ghlac Comhaltaí Tofa de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall leis an chéad Taifead ar Struchtúir Chosanta do Chontae Dhún na nGall ar an 1 Nollaig 2003 agus bhí 320 struchtúr ann. Cuireadh leis an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta do Chontae Dhún na nGall i mí na Nollag 2007. 

 

 Cinéal                      
Líon   
Céatadán  
Tithe Pobail 
106 
33% 
Tithe
103 
32% 
Droichid
16 
5% 
Tithe Muilinn
11 
3% 
Teachíní Dúchasacha 
10 
3% 
Túir Faire 
2% 
Tithe Solais 
2% 
Scoileanna
2% 
Tithe Trádstórais 
2% 
Eile
53 
17% 

I meas na 106 teach pobail ar an gcéad Taifead ar Dhéanmhais Chosanta do Chontae Dhún na nGall, baineann 41% acu leis an Eaglais Chaitliceach, 35% le hEaglais na hÉireann, 20% leis an Eaglais Phreispitéireach agus 3% leis an Eaglais Mhodhach.

I measc na struchtúr eaglasta eile atá ar an liosta tá Pálás an Easpaig (Ráth Bhoth), ceithre reachtaire agus clochar.

I measc na struchtúr eile ar an liosta tá tithe cúirte, tithe poiblí, bainc, dúnta, túir Martello, lóistí geata, hallaí, teachíní coimeádaithe tithe solais, stáisiúin garda cósta, agus óstáin.

I measc cuid de na struchtúir is neamhghnácha ar an liosta tá ‘cuimhneachán aolchloiche snoite agus eibhir bhándearg ón Chéad Chogadh Domhanda suite ar bhalla teorann’ in Paiteagó agus ‘garsprioc neamhspleách do thaobh an bhóthair tógtha c. 1850, le fad go Ráth Mealtain agus go Dún Fionnachaidh inscríofa air’ i Ráth Mealtain. 

I gcásanna áirithe, meastar go bhfuil fiúntas seandálaíochta ag baint le struchtúir oidhreachta ailtireachta agus áirítear iad ar Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna (RMP) agus ar Thaifead na Struchtúr Cosanta (RPS). 

Ciallaíonn sé sin go bhfuil na struchtúir sin faoi chosaint ag Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta (1930-2004) agus ag an Acht um Pleanáil agus Forbairt (2000) araon. 

;