Skip to main content Skip to main content

Struchtúr Cosanta

Ar Ais go Oidhreacht Thógtha agus Ailtireachta

Is éard is Struchtúr Cosanta ann ná struchtúr a mheasann údarás áitiúil a bheith ina ábhar spéise ar leith ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, sóisialta nó teicniúil de. Tugtar cosaint do na struchtúir sin faoi Chuid IV den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. Tá dualgas dlíthiúil ar gach úinéir agus áititheoir Struchtúir Chosanta a chinntiú go gcaomhnaítear an struchtúr.

Baineann an oibleagáid chun Déanmhas Cosanta a chaomhnú le hachan chuid den struchtúr, lena n-áirítear an taobh istigh, an talamh uilig timpeall air agus aon struchtúir eile ar an talamh sin. Tá feidhm ag an oibleagáid fosta maidir le hachan daingneán agus feisteas atá mar chuid den taobh istigh de Dhéanmhas Cosanta nó d’aon déanmhas ar thalamh timpeall air.

Ní mór d'achan úinéir agus áititheoir a chinntiú nach gcuirtear Déanmhas Cosanta nó aon eilimint de Dhéanmhas Cosanta i mbaol trí dhochar, meath nó damáiste, cibé acu thar thréimhse ghearr nó fhada, trí fhaillí nó trí mhodhanna díreacha nó indíreacha. Féach rannán na bhfoilseachán oidhreachta ar Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta chun tuilleadh sonraí a fháil. 

Déanmhais Chosanta (Leabhrán)

Treoir Oidhreachta Ailtireachta
 
Déanmhais Chosanta & Toiliú Oibreacha 

Ba chóir dul i gcomhairle leis na húdaráis phleanála sula ndéantar aon obair ar Dhéanmhas Cosanta agus tabhair faoi deara go bhféadfadh cead pleanála a bheith ag teastáil faoi choinne oibreacha a mheastar a bheith ina bhforbairt dhíolmhaithe de ghnáth.

Is iad seo a leanas a dhéanann an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta a chothabháil agus a riar, agus ba cheart toiliú faoi choinne oibreacha a lorg uathu: 

•    Conservation Officer, Central Planning Unit, Donegal County Council, County House, Lifford, County Donegal. 
•    Fón: (074) 91 53900  

;