
Bailte Oidhreachta Dhún na nGall
Seoladh sraith de shé bhróisiúr maidir le 'Bailte Oidhreachta' de chuid Chontae Dhún na nGall i mí Lúnasa 2008. Chuir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall na bróisiúir le chéile chun feasacht a mhúscailt ar oidhreacht thógtha agus seandálaíochta 'Bailte Oidhreachta' de chuid Ard an Rátha, Bhéal Átha Seanaidh, Bhun an Phobail, Ráth Mealtain agus Ráth Bhoth. D'ainmnigh Comhairle Contae Dhún na nGall na bailte sin mar 'Bailte Oidhreachta'. Ba é Patrick Shaffrey, ailtire agus údar caomhnaithe mór le rá, a sheol na bróisiúir.
I gContae Dhún na nGall, chuir Bord Fáilte tús leis an scéim ‘Bailte Oidhreachta’ faoi Thionscnamh Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (1995-1999). Rinneadh dhá 'Bailte Oidhreachta' i gContae Dhún na nGall a ainmniú agus a mhargú faoin tionscadal seo: Ard an Rátha (le téama fíodóireachta) agus Ráth Mealtain (le téama de chuan nó baile Seoirseach). D'ainmnigh Comhairle Contae Dhún na nGall cúig 'Bailte Oidhreachta' Ard an Rátha, Bhéal Átha Seanaidh, Bhun an Phobail, Ráth Mealtain agus Ráth Bhoth sa bhliain 2000. D’ainneoin creideamh an phobail, ní thugann ainmniú bailte mar ‘Bailte Oidhreachta’ aon chosaint reachtúil do na bailte sin.
Tá sé beartaithe go mbeidh dhá éifeacht ag ainmniú ‘Baile Oidhreachta’ chun cuidiú le timpeallacht thógtha na mbailte sin a chaomhnú agus na bailte sin a chur chun cinn. Sa tsraith bróisiúir dhátheangacha ar ‘Bailte Oidhreachta de chuid Chontae Dhún na nGall’ tá bróisiúr aonair ar gach ceann de na cúig ‘Bailte Oidhreachta’ agus bróisiúr ginearálta. Leagtar amach sna bróisiúir conair oidhreachta d'achan cheann de na ‘Bailte Oidhreachta’ le rogha de láithreáin oidhreachta tógtha agus cultúrtha feadh na tréimhse sin. Tairgtear na bróisiúir fínéad d'achan cheann de na ‘Bailte Oidhreachta’ ach níl iontu ach léiriú ar an oidhreacht shaibhir agus éagsúil thógtha agus chultúrtha atá le tairiscint ag na bailte sin.
Más mian leat cóip a fháil de na bróisiúir 'Bailte Oidhreachta Chontae Dhún na nGall', tá siad ar fáil saor in aisce ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.
• Bailte Oidhreachta Dhún na nGall (Bróisiúr)
• ‘Baile Oidhreachta’ Ard an Rátha (Bróisiúr)
• ‘Baile Oidhreachta’ Bhéal Átha Seanaidh (Bróisiúr)
• ‘Baile Oidhreachta’ Bhun an Phobail (Bróisiúr)
• ‘Baile Oidhreachta’ Ráth Mealtain (Bróisiúr)
• Turas ‘Bhaile Oidhreachta’ Ráth Mealtain (Clos-Bhróisiúr)
• ‘Baile Oidhreachta’ Ráth Bhoth (Bróisiúr)
Gníomh de chuid Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall