Skip to main content Skip to main content

Taifead Séadchomharthaí & Áiteanna

Ar Ais go Oidhreacht Seandálaíochta

Is iniúchadh reachtúil séadchomharthaí seandálaíochta é an Taifead Séadchomharthaí & Áiteanna, nó an Taifead Láithreán agus Séadchomharthaí (TLS) mar a tugadh air roimhe, agus bunaíodh é faoi Mhír 12 d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1994.

Liostáiltear struchtúir, láithreáin, gnéithe agus earraí ar an Taifead Séadchomharthaí & Áiteanna. Is éard atá i dTaifead páipéir na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna léarscáileanna marcáilte sé horlaigh maidir le  Suirbhéireacht Ordanáis agus lámhleabhar ina liostaítear faisnéis bhunúsach maidir le hachan séadchomhartha nó limistéar atá san áireamh i dTaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna. I gContae Dhún na nGall, tá os cionn 3,000 suíomh ar Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna agus tá an chuid is mó acu faoi úinéireacht phríobháideach.

Déantar láithreáin i dTaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna a chosaint faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta (1930-2004) agus léirítear iad ar na léarscáileanna páipéir trí líne dhubh a chiorclú nó a dhathú isteach de réir mar is cuí. Cé go léiríonn na ciorcail nó na boscaí a suíomh, ní shainmhíníonn siad a n-achar go cruinn. Déantar uasdátú rialta ar an Taifead Séadchomharthaí & Áiteanna agus tig leat amharc air ag an LárLeabharlann agus ag Músaem Contae Dhún na nGall, Leitir Ceanainn.

Chun a fháil amach cad iad na séadchomharthaí seandálaíochta atá i do cheantar agus chun breathnú ar an leagan leictreonach de Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna, téigh i gcomhairle le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag: www.archaeology.ie

I gcásanna áirithe, d'fhéadfaí struchtúir seandálaíochta a mheas mar oidhreacht ailtireachta agus d'fhéadfaí iad a áireamh ar Thaifead na Séadchomharthaí agus na nÁiteanna (RMP) agus ar Thaifead na Struchtúr Cosanta (RPS). Ciallaíonn sé seo go bhfuil na struchtúir sin faoi chosaint ag Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta (1930-2004) agus ag an Acht um Pleanáil agus Forbairt (2000). 

Sa chás go bhfuil oibreacha le déanamh ar Shéadchomhartha Taifeadta nó ar Chrios Acmhainneachta Seandálaíochta nó gar dóibh (is cuma an bhfuil cead pleanála ag teastáil nó nach bhfuil), ní mór don duine atá ag beartú na n-oibreacha fógra dhá mhí a thabhairt i scríbhinn do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta sula dtosaíonn siad. 

An tSeandálaíocht sa Phróiseas Pleanála PDF

;