Skip to main content Skip to main content

Suirbhé Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall

Ar Ais go Oidhreacht Seandálaíochta

Sa bhliain 1983 d’fhoilsigh Comhairle Contae Dhún na nGall Suirbhé Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall. Tá cur síos sa suirbhé ar sheaniarsmaí páirce Chontae Dhún na nGall ón tréimhse Mhéisiliteach go dtí an seachtú haois déag agus tá 1,900 iontráil ann. Cruthaíodh cartlann ábhar a bhaineann le láithreáin agus le séadchomharthaí an chontae fosta. Tá sleamhnáin 35mm, léarscáileanna, pleananna, líníochtaí agus comhaid (lena n-áirítear bileoga páirce le cur síos ar gach láithreán) sa chartlann a bhaineann leis na láithreáin agus le séadchomharthaí an tsuirbhé. Is faoi chúram Chomhairle Contae Dhún na nGall atá an chartlann agus cuireann sé eolas níos sonraí ar fáil ná mar atá sa Taifead Séadchomharthaí & Áiteanna, cé nach ndearnadh aon uasdátú air ó foilsíodh é i 1983.

Tig leat amharc ar an suirbhé agus ar a chartlann i Músaem Chontae Dhún na nGall i Leitir Ceanainn. 

;