
Clár na Séadchomharthaí Náisiúnta
Is séadchomhartha é aon séadchomhartha stairiúil a chuirtear isteach i gClár na Séadchomharthaí Náisiúnta faoi Mhír 5 d’Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987. I measc na séadchomharthaí stairiúla tá séadchomharthaí réamhstairiúla, agus aon séadchomhartha a bhaineann le stair tráchtála, chultúrtha, eacnamaíoch, thionsclaíoch, mhíleata, reiligiúnach nó shóisialta na háite ina bhfuil sé, lena n-áirítear na séadchomharthaí go léir a bhí ann roimh 1700 A.D. nó cibé dáta is déanaí ná sin a cheapfaidh an tAire le rialacháin.