
Maithe agus Móruaisle na hOidhreachta
Maithe agus Móruaisle na hOidhreachta
Is iad seo a leanas feidhmeanna na Roinne maidir le hOidhreacht: freagrachtaí Stát na hÉireann maidir le caomhnú an dúlra a bhainistiú faoin dlí náisiúnta agus faoin dlí Eorpach; beartas a bhaineann le hoidhreacht ailtireachta na hÉireann a fhoirmliú agus a chur i ngníomh; freagracht as an oidhreacht thógtha lena n-áirítear Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta
www.buildingsofireland.ie
Is tionscnamh stáit é Fardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta (NIAH) faoi riaradh na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus bunaíodh é ar bhonn reachtúil faoi fhorálacha Acht na hOidhreachta Ailtireachta (Fardal Náisiúnta) agus na Séadchomharthaí Stairiúla (Forálacha Ilghnéitheacha) 1999.
Is é cuspóir an NIAH oidhreacht ailtireachta na hÉireann i ndiaidh 1700 a aithint, a thaifeadadh agus a mheas, go haonfhoirmeach agus go comhsheasmhach mar chuidiú chun an oidhreacht thógtha a chosaint agus a chaomhnú. Cuireann suirbhéanna an NIAH bonn ar fáil do mholtaí an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta do na húdaráis phleanála chun struchtúir áirithe a chur san áireamh ina dTaifead ar Struchtúir Chosanta (RPS).
Is foinse eolais iad na suirbhéanna foilsithe ar na struchtúir roghnaithe d'údaráis áitiúla ábhartha. Is acmhainn oideachais agus taighde iad fosta. Táthar ag súil go méadóidh obair an NIAH feasacht agus tuiscint an phobail ar oidhreacht ailtireachta na hÉireann
www.archaeology.ie
Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta mar chuid den Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus tá ról lárnach aici i gcosaint ár n-oidhreachta seandálaíochta.
Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta freagrach as:
• Saincheisteanna seandálaíochta a thagann chun cinn ag Séadchomharthaí Náisiúnta i gcúram Stáit.
• Tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as na séadchomharthaí sin a chaomhnú agus a bhainistiú (lena n-áirítear seirbhísí do chuairteoirí).
• Suirbhéanna a dhéanamh ar láithreáin aitheanta agus ar an áit a síltear go bhfuil láithreáin lonnaithe agus fardail de láithreáin agus de shéadchomharthaí a thiomsú.
• An reachtaíocht a chur i bhfeidhm maidir le cosaint séadchomharthaí agus láithreán, lena n-áirítear raiceanna stairiúla agus láithreáin seandálaíochta faoi uisce.
• Tochailtí seandálaíochta a rialáil, gléasanna braite a úsáid chun críocha seandálaíochta agus tumadóireacht a dhéanamh ar raiceanna stairiúla agus ar láithreáin seandálaíochta faoi uisce.
• Comhairle a chur ar fáil d'údaráis phleanála maidir le tograí forbartha (pleananna forbartha, pleananna oidhreachta agus iarratais phleanála aonair) a bhféadfadh impleachtaí a bheith acu don oidhreacht seandálaíochta.
• Comhairle a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí áitiúla maidir le saincheisteanna seandálaíochta.
Tá an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra mar chuid de Rannán Oidhreachta na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Is é ról na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF):
• Caomhnú raon ionadaíoch éiceachóras a chinntiú chun pobail flóra agus fána in Éirinn a chothabháil agus a fheabhsú.
• Gnáthóga agus speicis a shainaithnítear faoi choinne chaomhnú an dúlra (Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHA), Limistéir Chaomhantais Speisialta (SAC) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (SPA) a ainmniú agus comhairle a thabhairt ina leith, ag féachaint go háirithe don ghá dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara.
• Na socruithe is gá a dhéanamh chun reachtaíocht agus beartais náisiúnta agus AE maidir le caomhnú an dúlra agus bithéagsúlacht a chur chun feidhme, lena n-áirítear Treoracha AE maidir le Gnáthóga agus Éin, agus chun raon na gCoinbhinsiún agus na gComhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann leis an oidhreacht nádúrtha a dhaingniú agus a chur chun feidhme.
• Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra atá faoi úinéireacht an Stáit a bhainistiú, a chothabháil agus a fhorbairt.
• Feasacht ar shaincheisteanna oidhreachta nádúrtha agus bithéagsúlachta a chur chun cinn trí oideachas, for-rochtain ar scoileanna agus teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara.
www.opw.ie
www.heritageireland.ie
Tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as Séadchomharthaí Náisiúnta agus Airíonna Stairiúla a reáchtáil ó lá go lá. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as Séadchomharthaí Náisiúnta agus Airíonna Stairiúla a reáchtáil ó lá go lá. Is é príomhchúram Oifig na nOibreacha Poiblí oidhreacht na hÉireann a chosaint agus a chothabháil do na glúine atá le teacht.
www.heritagecouncil.ie
Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta mar chomhlacht reachtúil faoin Acht Oidhreachta 1995. Is é misean na Comhairle Oidhreachta dul i mbun rannpháirtíochta, oideachais agus abhcóideachta chun tuiscint níos leithne a fhorbairt ar an mhéid ríthábhachtach a chuireann ár n-oidhreacht lenár bhfolláine shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch. Is iad tosaíochtaí na Comhairle Oidhreachta tacú le poist, oideachas agus turasóireacht oidhreachta i bpobail áitiúla. Is é an ról atá aige beartais agus tosaíochtaí a mholadh chun an oidhreacht náisiúnta a shainaithint, a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú. Faoin Acht Oidhreachta (1995), sainmhínítear oidhreacht náisiúnta mar oidhreacht a chuimsíonn réada seandálaíochta, oidhreacht ailtireachta, fána, flóra, geolaíocht, gairdíní agus páirceanna oidhreachta, réada oidhreachta, uiscebhealaí intíre, tírdhreacha, séadchomharthaí, muirdhreacha, gnáthóga fiadhúlra agus raiceanna. Tá freagracht ar leith ar an Chomhairle Oidhreachta suim, oideachas, eolas agus bród san oidhreacht náisiúnta a chur chun cinn.
www.antaisce.org
Bunaíodh an Taisce sa bhliain 1948. Léiríonn a cuid beartas an creideamh go bhfuil timpeallacht ardchaighdeáin lárnach d'Éirinn chun geilleagar rathúil agus inbhuanaithe a bhaint amach, chomh maith le caighdeán ard beatha. Tá sé sin bunaithe ar an tuairim go bhfuil cosc níos fearr ná leigheas, go bhfuil comhpháirtíocht agus idirphlé níos fearr ná coinbhleacht agus monalóg, agus go sáraíonn pleanáil straitéiseach luas frithghníomhach. Is sainchomhairleoir faireacháin neamhspleách é An Taisce agus tacaíonn sí le cosaint an chomhshaoil agus na hoidhreachta.
www.irishheritagetrust.ie
Bunaithe i 2006, is carthanas é Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann a cruthaíodh chun aire a thabhairt do réadmhaoin, tithe agus gairdíní stairiúla ar fud na hÉireann. Is é an sainordú atá aige ionaid réadmhaoine a fháil a bhfuil luach suntasach oidhreachta ag baint leo agus foráil a dhéanamh maidir lena gcaomhnú, lena gcothabháil agus lena gcur i láthair mar is ceart agus maidir le rochtain a fháil orthu don phobal go buan. Aithníonn sé go dtéann na hacmhainní oidhreachta sin chun tairbhe dá bpobail áitiúla trí thurasóireacht, fostaíocht nó go simplí trí áit phléisiúir agus scíthe a chur ar fáil. Cheannaigh an tIontaobhas maoin den chéad uair i mí na Nollag 2007, ba é sin Teach Fhóite i gContae Chorcaí.
www.garda.ie
Seirbhís náisiúnta póilíneachta na hÉireann é an Garda Síochána .Is é misean an Gharda Síochána 'oibriú le pobail chun iad a chosaint agus freastal orthu'.Tá cumhachtaí reachtúla ag an Gharda Síochána chun an reachtaíocht oidhreachta ar fad a fhorfheidhmiú.
Cé nach bhfuil Dúchas ann a thuilleadh mar aonán ar leith, úsáidtear/mí-úsáidtear an téarma fós chun tagairt a dhéanamh don roinn rialtais atá freagrach as caomhnú agus cosaint na hoidhreachta nádúrtha, tógtha agus cultúrtha. Briseadh Dúchas suas i ndiaidh atheagrú an rialtais i ndiaidh an olltoghcháin i 2002. Tá an chuid is mó d'fheidhmeanna Dúchas á gcomhlíonadh anois ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ach tá roinnt feidhmeanna i ndiaidh teacht ar ais go dtí Oifig na nOibreacha Poiblí.