Skip to main content Skip to main content

Cad is Oidhreacht ann?

Ar Ais go Fúinn

Caidé an Oidhreacht?

Ní thugtar sainmhíniú ar choincheap na hoidhreachta san Acht Oidhreachta (1995), ach aithnítear 13 chatagóir acmhainní oidhreachta. De réir an Achta Oidhreachta (1995), áirítear na gnéithe seo a leanas mar oidhreacht: 

Aon airnéis, cibé acu i staid mhonaraithe nó pháirtmhonaraithe nó i staid neamhmhonaraithe í, ar mó go mór a luach, mar gheall ar an leas seandálaíochta a ghabhann léi nó mar gheall ar an bhaint atá aici le haon ócáid nó duine stairiúil Éireannach, ná a luach intreach (lena n-áirítear luach ealaíne), agus folaíonn an abairt sin iarsmaí ársa duine, ainmhí nó planda. 

Achan déanmhas, foirgneamh, traidisiúnta agus deartha, agus grúpaí foirgneamh lena n-áirítear sráid-dreacha agus caol-léargas uirbeach, ar díol spéise iad ó thaobh staire, seandálaíochta, ealaíne, innealtóireachta, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla, mar aon lena suíomh, a dtailte comhghafacha, a ndaingneáin, a bhfeistis agus a n-inneachair, agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, folaíonn siad iarnróid agus foirgnimh agus déanmhais ghaolmhara agus aon áit arb éard í iarsmaí nó rianta aon iarnróid, foirgnimh nó déanmhais den sórt sin. 

Achan éan fiáin agus achan ainmhí fiáin (idir uisceach agus talún) agus folaíonn sé go háirithe iasc, mamaigh fhiáine, reiptílí, ainmhithe inveirteabracha neamhuisceacha agus amfaibiaigh, agus uibheacha, larbhaí, pupaí nó céim neamhaibí eile agus óg na n-ainmhithe fiáine sin go léir, ach i ndáil le héisc nó ainmhithe inveirteabracha uisceacha (nó a n-uibheacha nó a sceith nó céim neamhaibí eile nó a n-ál nó óg) ní fholaíonn sé ach éisc agus na hainmhithe inveirteabracha uisceacha sin de speiceas a shonraítear i rialacháin faoi alt 23 den Acht um Fhiadhúlra, 1976, agus atá i bhfeidhm de thuras na huaire. 

Achan phlanda (uisceach agus talúnach araon) a fhaightear san fhiántas (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát é) seachas crainn, toir nó plandaí atá á bhfás i gcúrsa talmhaíochta, foraoiseachta nó gairneoireachta agus folaíonn sé go háirithe léicin, caonaigh, aelusanna, fungais, algaí agus plandaí soithíocha, eadhon plandaí bláthanna, raithneach agus plandaí raithneach-ghaolmhara agus aon phobal de phlandaí den tsórt sin.

Staidéar a dhéanamh ar an Domhan ina iomláine nó i bpáirt, ar na hábhair a bhfuil sé déanta astu, ar na próisis a ghníomhaíonn agus a ghníomhaigh ar na hábhair sin agus ar na táirgí agus na struchtúir a fhoirmítear le gníomhaíocht den sórt sin, ar stair fhisiceach agus bhitheolaíoch an phláinéid ó bunaíodh é lena n-áirítear stair na beatha a chaomhnaítear mar iontaisí i gcarraigeacha agus i sil-leagain ar an dromchla nó i sraitheanna faoi dhromchla an domhain, comhleantacht stratagrafach, uaimheanna, ábhar iontaise nó aon mhíreanna eile a bhfuil leas eolaíoch ag baint leo, agus lena n-áirítear geomoirfeolaíocht, liteolaíocht agus mianracht. 

Limistéir oidhreachta nádúrtha, agus gairdíní agus páirceanna a bhfuil spéis shuntasach eolaíoch, luibheolaíoch, aeistéitiúil nó stairiúil ag baint lena mbailiúcháin plandaí, a ndearadh, a ngnéithe dearaidh, a bhfoirgnimh, a suíomh, a stíl nó a gcomhcheangal nó a léiríonn gné inteacht d'fhorbairt garraíodóireachta nó gairdíní agus páirceanna. 

Réada os cionn 25 bliana d'aois ar saothair ealaíne nó tionscail iad (lena n-áirítear leabhair, doiciméid agus taifid eile, lena n-áirítear taifid ghinealais) a bhfuil tábhacht chultúrtha ag baint leo. 

Canálacha, codanna canálaithe d’aibhneacha agus de lochanna, cainéil loingseoireachta in aibhneacha agus i lochanna, agus na gnéithe loingseoireachta a bhaineann leo. 

Limistéir, láithreáin, caol-léargais agus gnéithe a bhfuil spéis shuntasach radhairc, seandálaíochta, geolaíochta, staire, éiceolaíochta nó eolaíochta eile ag baint leo. 

Folaíonn sé an méid seo a leanas, bíodh sé os cionn nó faoi dhromchla na talún nó an uisce agus bíodh sé greamaithe den talamh nó ná bíodh: 

a.    aon fhoirgneamh, déanmhas nó tógáil saorga nó páirt-shaorga nó aon ghrúpa d'fhoirgnimh, déanmhais nó tógálacha den sórt sin, 
b.    aon uaimh, cloch nó táirge nádúrtha eile, cibé acu is cuid den talamh é nó nach ea, a snoíodh, a dealbhaíodh nó a oibríodh go saorga nó (i gcás nach cuid den áit ina bhfuil sé é) a ndealraíonn sé go ndearnadh é a chur nó a shocrú d’aon ghnó, 
c.    aon nó aon chuid de thuama réamhstairiúil nó ársa, de spruadair uaighe nó adhlactha, nó de láithreán deasghnátha, tionscail nó cónaithe, agus 
d.    aon áit arb éard í iarsmaí nó rianta aon fhoirgnimh, déanmhais nó tógála den sórt sin, aon uaimh, cloch nó táirge aiceanta den sórt sin nó aon tuama, uaigh, spruadar adhlactha nó láithreáin deasghnátha, tionscail nó cónaithe den sórt sin, atá suite ar thalamh nó in uiscí teorann an Stáit, ach ní fholaíonn sé aon fhoirgneamh, ná aon chuid d'aon fhoirgneamh, a úsáidtear de ghnáth chun críocha eaglasta. 

Limistéir agus láithreáin uisce cósta lena n-áirítear inbhir, bánna agus murlaigh a bhfuil spéis shuntasach radhairc, gheolaíoch, éiceolaíochta nó eolaíochta eile ag baint leo. 

Gnáthóg Fiadhúlra 

Soitheach, nó cuid de shoitheach, atá ina luí briste ar ghrinneall, i ngrinneall nó faoi ghrinneall na farraige nó, ar thalamh nó i dtalamh atá clúdaithe le huisce, agus aon réada atá sa soitheach nó ar an tsoitheach, agus aon réada a bhí tráth i soitheach nó ar shoitheach agus atá ina luí ar ghrinneall, i ngrinneall nó faoi ghrinneall na farraige nó ar thalamh nó i dtalamh atá clúdaithe le huisce. 

;