Skip to main content Skip to main content

Fúinn

Ar Ais go Oidhreacht

Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall 

Tá Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall mar chuid de Rannóg Chultúir Stiúrthóireacht Tithíochta, Chorparáideach agus Chultúir Chomhairle Chontae Dhún na nGall. Thosaigh Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall i mbun feidhme i mí Meithimh 2023 nuair a ceapadh an chéad Oifigeach Oidhreachta i gContae Dhún na nGall. Is comhthionscnamh idir an Chomhairle Oidhreachta agus na hÚdaráis Áitiúla in Éirinn Clár na nOifigeach Oidhreacht. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tiomanta don (oidhreacht a dhaingniú i gcroílár shaol an phobail) i gContae Dhún na nGall, mar a leagtar amach in Oidhreacht Éireann 2030 - Plean Nua Oidhreachta Náisiúnta agus in Cultúir le Chéile: Plean Straitéiseach don Rannóg Chultúir 2022-2026

Ról an Oifigigh Oidhreachta 

I measc na bpríomhghnéithe a bhaineann le ról an Oifigigh Oidhreachta tá: 
    feasacht a ardú ar oidhreacht thógtha, chultúrtha agus nádúrtha Chontae Dhún na nGall;
    comhairle agus eolas faoi cheisteanna oidhreachta a chur ar fáil don phobal agus do Chomhairle Contae Dhún na nGall;
    sonraí a bhailiú agus taighde a dhéanamh ar ghnéithe d’oidhreacht Chontae Dhún na nGall;
     dea-chleachtais a bhaineann le cúrsaí oidhreachta a chur chun cinn; agus
    Plean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall a ullmhú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le Fóram Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. 

Déanann an Chomhairle Oidhreachta páirt-mhaoiniú ar ghréasán de 31 Oifigeach Oidhreachta Cathrach/Contae in Údaráis Áitiúla ar fud na tíre. Is í fís na Comhairle Oidhreachta go mbainfear taitneamh as ár n-oidhreacht agus go ndéanfar í a bhainistiú agus a chosaint mar gheall ar an ról lárnach atá aici inár bhféiniúlacht, inár bhfolláine agus dár dtodhchaí. Tá tuilleadh eolais faoi obair na Comhairle Oidhreachta ar fáil ar www.heritagecouncil.ie 

 

;