
Suíomhanna Cosanta Oidhreachta Nádúrtha
Bunaíodh Limistéir Oidhreachta Nádúrtha faoin Acht um Fhiadhúlra (Leasú) 2000 agus is ionann iad agus an t-ainmniú bunúsach do chosaint fiadhúlra. Díorthaíodh iad ó Limistéir ar díol spéise iad ó thaobh na heolaíochta de (ASI) agus áirítear leo cuid de na limistéir is fearr atá fágtha de ghnáthóga nádúrtha agus leathnádúrtha na hÉireann.
D’fhéadfadh sé gur roghnaíodh láithreáin ar bhonn tábhacht eolaíoch ar leith a bheith acu maidir le speiceas amháin nó níos mó, pobail, gnáthóga, cineálacha talún, gnéithe geolaíocha nó geomoirfeolaíocha, nó éagsúlacht tréithe nádúrtha.
Ag brath ar a gcáilíocht agus a dtábhacht, d’fhéadfadh ainmniúcháin eile a bheith ag LONanna nó a gcodanna amhail Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LCúS), Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LCS), Anaclann Dúlra Reachtúil (ADR), Dídean do Fána agus Flóra (DFF) nó Páirc Náisiúnta (PN).
Chun tuilleadh eolais a fháil ar shuíomhanna i gContae Dhún na nGall, féach: www.npws.ie
Déantar Limistéir Chaomhantais Speisialta a shainmhíniú agus a rialú le Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Gnáthóga 1992 (Treoir 92/43/CEE ón Chomhairle) agus le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Gnáthóga Nádúrtha) 1997 (I.R. 94/97). Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit Limistéir Chaomhantais Speisialta (LCúSanna) a ainmniú chun gnáthóga agus speicis thábhachtacha a chosaint agus a chaomhnú i gcomhthéacs an Aontais Eorpaigh.
Is cineálacha gnáthóige ar mhaithe le leas an phobail iad na gnáthóga a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir agus is gá Limistéir Chaomhantais Speisialta a ainmniú chun iad a chaomhnú. Is gnáthóga tosaíochta iad cuid acu sin a bhfuil oibleagáid ar leith ann iad a chosaint. Liostaítear in Iarscríbhinn II den Treoir speicis ainmhithe agus plandaí ar chun leas an phobail iad agus ar gá Limistéir Chaomhantais Speisialta a ainmniú lena gcaomhnú.
Is Limistéir Oidhreachta Nádúrtha fosta iad achan Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta. Tá liosta de Ghníomhaíochtaí Infhógartha ann a bhfuil feidhm acu maidir le gach gnáthóg agus speiceas atá i gceangal. Is gníomhaíochtaí iad seo nach mór toiliú a lorg ina leith ón Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta laistigh de Limistéir Chaomhantais Speisialta.
Tá 47 LCúS ainmnithe i gContae Dhún na nGall agus tá tuilleadh eolais ar fáil ag: www.npws.ie
Tá Limistéir faoi Chosaint Speisialta ainmnithe chun éin a chosaint, go háirithe speicis neamhchoitianta agus leochaileacha liostaithe agus speicis imirceacha a bhíonn i láthair go rialta. Sainmhínítear agus rialaítear iad le Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le hÉin 1979 (Treoir 79/409/CEE ón Chomhairle) agus le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Gnáthóga Nádúrtha) 1997 (I.R.94/97) maidir le cosaint agus bainistiú fadtéarmach gach speicis éan fiáin agus a ngnáthóg san Aontas.
Faoin Treoir, ceanglaítear ar Éirinn bearta a dhéanamh chun achan éan fiáin a chosaint agus chun éagsúlacht leordhóthanach gnáthóg a chaomhnú do gach speiceas a fhaightear go nádúrtha laistigh dá gcríocha, chun pobail a choinneáil ar bun. Sainaithnítear go sonrach speicis ar cúis imní iad a stádas faoi choinne bearta caomhnaithe speisialta in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir, agus ainmníodh LCSanna bunaithe ar láithreacht na speiceas sin nó ar líon suntasach éan uisce geimhrithe a bheith ann.
Is i gContae Dhún na nGall atá an líon is mó Traonach in Éirinn. Cosnaítear bogaigh freisin faoin treoir, go háirithe bogaigh a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo, a mheallann líon mór éan imirceach. Tá Loch Súilí ar cheann de na bogaigh is tábhachtaí d'éin in Éirinn le 22 speiceas éan uisce i líon atá tábhachtach go náisiúnta agus trí speiceas i líon atá tábhachtach go hidirnáisiúnta. Is Limistéir Oidhreachta Nádúrtha fosta iad achan Limistéar faoi Chosaint Speisialta.
Tá 26 LCS ainmnithe i gContae Dhún na nGall agus tá tuilleadh eolais ar fáil ag: www.npws.ie
Leag an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra (IUCN) amach na prionsabail ghinearálta faoinar ainmníodh agus faoinar bainistíodh Páirceanna Náisiúnta in 1969.
Is limistéir iad Páirceanna Náisiúnta atá curtha i leataobh chun an oidhreacht nádúrtha a chaomhnú, a chur chun cinn agus a fheabhsú. Is sócmhainní iad Páirceanna Náisiúnta a bhfuil luach mór éiceolaíoch, sóisialta, oideachasúil, áineasa agus aeistéitiúil ag baint leo agus a bhfuil rochtain ag an phobal orthu agus a spreagtar meas agus taitneamh a bhaint astu.
Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, Co. Dhún na nGall, ar an dara ceann is mó de na sé Pháirc Náisiúnta in Éirinn, agus clúdaíonn sé achar 16,958 heictéar.
Tuilleadh eolais ag www.npws.ie
Páirc Náisiúnta
|
Réigiún
|
Achar
|
Cineál Talún
|
(heictéir)
|
|||
Baile Chruaich
|
Contae Mhaigh Eo
|
11,000
|
Bratphortach Atlantach, tír-raon sléibhtiúil
|
Gleann na Bóinne (á fhorbairt faoi láthair)
|
Contae na Mí
|
223
|
Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO ina bhfuil tuamaí pasáiste meigiliteacha de chuid Shí an Bhrú, Chnóbha agus Dhubhadh.
|
An Bhoirinn
|
Contae an Chláir |
1500
|
Pábháil aolchloiche, féarthalamh cailcreach
|
Conamara
|
Contae na Gaillimhe
|
2,957
|
Bratphortach Atlantach, tír-raon sléibhe agus coillteach
|
Gleann Bheatha
|
Contae Dhún na nGall
|
16,958
|
Sliabh garbh, bratphortach, lochanna cianaosta
|
Cill Airne
|
Contae Chiarraí
|
10,236
|
Tír-raon sléibhe, locha agus coillteach
|
Cill Mhantáin Sléibhte
|
Contae Chill Mhantáin
|
20,483
|
Beanna maolaithe, portaigh, foraoiseacht
|
Is conradh idir-rialtasach é an Coinbhinsiún maidir le Bogaigh (Ramsar, an Iaráin, 1971), ar a dtugtar Coinbhinsiún Ramsar, a sholáthraíonn an creat do ghníomhaíocht náisiúnta agus do chomhar idirnáisiúnta chun bogaigh agus a n-acmhainní a chaomhnú agus a úsáid go ciallmhar. Tá 45 láithreán in Éirinn a chlúdaíonn achar 66,994 heictéar, agus tá ceithre cinn acu sin lonnaithe i gContae Dhún na nGall.
Láithreáin Ramsar i bPoblacht na hÉireann
www.irishwetlands.ie
Cosnaítear anaclanna dúlra faoi Ailt 15 agus 16 den Acht um Fhiadhúlra 1976 chun fána, flóra agus a ngnáthóga a chaomhnú. Tá an chuid is mó acu faoi úinéireacht an stáit, ach tá cuid acu faoi úinéireacht phríobháideach.
Tá deich n-anaclann dúlra i gContae Dhún na nGall. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: www.npws.ie
Is limistéir iad Tearmainn Éanlaithe Fiáine atá cosanta faoi Orduithe an Achta um Fhiadhúlra 1976 (Séasúir Oscailte) ina bhfuil toirmeasc ar lámhach ionas gur féidir le héanlaith ghéim beatha a fháil gan cur isteach orthu.
Tuilleadh eolais ó: www.npws.ie
Aithnítear an gheolaíocht anois mar chuid bhunúsach dár n-oidhreacht nádúrtha. Sa bhliain 1998, bhunaigh Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann Clár Oidhreacht Gheolaíoch na hÉireann (OGÉ), ar comhpháirtíocht é idir Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (SGÉ) agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Faoi Chlár IGH, tá láithreáin thábhachtacha gheolaíocha atá le caomhnú mar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (NHA) á n-aithint. Tá iad siúd nár roghnaíodh faoi choinne ainmniú NHA á gcur chun cinn mar Láithreáin Gheolaíochta Contae (CGS). Tá thart ar 102 Láithreán Oidhreacht Gheolaíoch Éireann (OGÉ) i gContae Dhún na nGall.
Cuireann an tAcht Oidhreachta, agus an reachtaíocht phleanála go háirithe, freagracht ar Údaráis Áitiúla a chinntiú go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an oidhreacht gheolaíoch.
Tá roinnt láithreán a bhfuil suim gheolaíoch acu i gContae Dhún na nGall nó i Suíomhanna Geolaíochta Contae leagtha amach sa Phlean Forbartha Contae.