
An Oidhreacht Nádúrtha agus an Bhithéagsúlacht
Faoin Acht Oidhreachta (1995), tá an oidhreacht nádúrtha comhdhéanta d'fhána, flóra, gnáthóga fiadhúlra, geolaíocht, tírdhreacha, muirdhreacha agus uiscebhealaí intíre.
Tá oidhreacht nádúrtha shaibhir agus éagsúil ag Contae Dhún na nGall. Meastar go bhfuil tábhacht náisiúnta agus Eorpach ag roinnt gnáthóg agus speiceas agus tá siad ainmnithe chun críocha caomhnaithe. Tá trí phríomhchineál limistéar ainmnithe ann: Limistéar Oidhreachta Náisiúnta (LON), Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LCúS) agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LCS). Is iad Limistéir Oidhreachta Nádúrtha an t-ainmniúchán náisiúnta príomhúil faoin Acht um Fhiadhúlra a Leasú (2000)