Skip to main content Skip to main content

Tionscadail

Ar Ais go Músaem

Ghlac Músaem Contae Dhún na nGall páirt i dtionscadail éagsúla áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta thar na blianta. I measc na dtionscadal is deireanaí ar thug muid fúthu tá:

Tá an Músaem ina chomhpháirtí i gClár Forimeallach Thuaidh agus Artach an AE/Tionscadal Interreg darb ainm DACCHE - Gníomhaíocht Dhigiteach ar Athrú Aeráide i dTimpeallachtaí Oidhreachta. 

Is é aidhm an tionscadail pobail áitiúla a spreagadh trína gcumas a fhorbairt chun tionchair an athraithe aeráide agus an aistrithe ghlais ar thírdhreacha cultúrtha agus láithreáin oidhreachta a thuiscint, a fhreagairt, a chur in iúl agus a éascú.

Tá eagraíochtaí comhpháirtíochta sa tSualainn (Comhpháirtí Ceannais – Fhondúireacht Jamtli agus an Lárionad Nordach um Fhoghlaim agus Cruthaitheacht Oidhreachta), san Iorua (Ollscoil Nord agus Tindved Kulturhage) agus in Éirinn (Músaem Contae Dhún na nGall)

Anseo i nDún na nGall tá muid ag obair le trí shuíomh agus le grúpaí pobail áitiúla arna n-éascú ag Kate Robb ó John Cronin and Associates. Is iad sin:

•    Inis Caol, Port Nua
•    McSwyne’s Castle agus Dunkineely Community Ltd
•    An Port Bán/An Tóin Dubh, An Dún Riabhach agus Grúpa Staire agus Oidhreachta Inis Eoghain Thiar

Sa deireadh, tá sé i gceist ag an tionscadal réitigh dhigiteacha a chruthú le cuidiú le feasacht aeráide níos fearr agus abhcóideacht a chur chun cinn dár suíomhanna oidhreachta. 

Fad an Tionscadail: Iúil 2023–Meitheamh 2026

Buiséad: Is ionann buiséad iomlán an tionscadail agus 1.115.115 EUR, a dtagann 702.351 EUR de ó chistí an AE.

Cliceáil DACCHE chun tuilleadh a léamh faoi. 

 

Tá taighde á dhéanamh ag Músaem Contae Dhún na nGall ó 2001 i leith orthu siúd go léir as Dún na nGall a bhí páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda. I Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall, An Cogadh Mór 1914-1918 tá ainmneacha na ndaoine uilig as Dún na nGall a fuair bás i rith an Chéad Chogadh Domhanda agus foilsíodh é den chéad uair in 2002.

Nuashonraigh an Músaem an Leabhar Onóra agus rinne sé athchló ar an 5ú eagrán in 2019. 

Bunaithe ar an Leabhar Onóra, chruthaigh an Músaem bunachar sonraí inchuardaithe ina raibh na liostaí go léir. I bpobail ar fud na hÉireann tá aitheantas á thabhairt faoi dheireadh do na mílte Éireannach as achan phobal a throid agus a fuair bás. Táthar ag súil go mbeidh deis againn cuimhneamh i gcónaí agus muid ag bogadh ar aghaidh i síocháin.
  
Cliceáil anseo chun amharc ar an bhunachar.

Bhí baint ag an Mhúsaem le tionscadal CINE idir 2017 agus 2020, tionscadal comhoibritheach oidhreachta digiteach idir comhpháirtithe ón Iorua, ón Íoslainn, ó Éirinn agus ó Albain agus a bhí maoinithe ag Clár Imeall an Tuaiscirt agus an Artaigh (ERDF).Ba iad Músaem Contae Dhún na nGall agus Scoil Ríomhaireachta, Innealtóireachta agus Córais Chliste Ollscoil Uladh na comhpháirtithe in Éirinn. Bhí sé mar aidhm ag tionscadal CINE taithí daoine ar an oidhreacht a athrú ó bhonn tríd an teicneolaíocht. 


D’oibrigh muid le dhá phobal sna Cealla Beaga agus ar an Inis.

D’fhorbair muid suíomh gréasáin úr trí úsáid a bhaint as taighde a bhailigh grúpa Staire agus Oidhreachta na gCealla Beaga, www.virtualstcatherines.net , a ligeann do dhaoine oidhreacht thógtha eaglais agus reilig Naomh Caitríona sna Cealla Beaga a fheiceáil ó pheirspictíocht úr. 

D’oibrigh an t-éascaitheoir Guy Barriscale le pobal na hInse chun scéalta, íomhánna agus déantáin a bhaineann le stair an oileáin a bhailiú. Chruthaigh muid www.inchheritage.org ansin, taispeántas fíorúil a thaispeánann stair agus oidhreacht na hInse.  

Ar deireadh, d'fhorbair muid www.cinecommunities.org a chuidíonn leat agus tú ag toiseacht amach, treoracha do réimse uirlisí digiteacha chun cuidiú le pobail a n-oidhreacht a chruthú agus a léiriú agus lámhleabhar Dea-Chleachtais Comhléiriúcháin Pobail. 

Idir 1841-42, tógadh Teach na mBocht i mBéal Átha Seanaidh ar chostas £5,850 don fhoirgneamh agus £1,100 don fheistiú. Osclaíodh go hoifigiúil é ar an 6 Bealtaine 1843 agus bhí spás do 600 cime ann. Dúnadh é ar an 1 Márta 1922. 

Trí úsáid a bhaint as na pleananna do thithe na mbocht a cheap George Wilkinson, Ailtire Choimisinéirí Dhlí na mBocht sa 19ú hAois, agus as an tuarascáil chaomhnaithe a rinneadh do Theach na mBocht Bhéal Átha Seanaidh, Músaem Contae Dhún na nGall agus Seirbhís Cartlainne Dhún na nGall, coimisiúnaíodh Virtual Teic chun atógáil fíorúil a chruthú ar Theach na mBocht i mBéal Átha Seanaidh. Mhaoinigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an tionscadal mar chuid de Thionscnamh Deich mBliana na gCuimhneachán Céad Bliain 2012-2023. 

Turas Fíorúil ar Theach na mBocht, Béal Átha Seanaidh

Faigh tuilleadh eolais faoi Thaifid Thithe na mBocht i nDún na nGall 

Tá chóir a bheith 400,000 mír i gCartlann Chontae Dhún na nGall a bhaineann leis na hocht dTeach na mBocht a bhí i gContae Dhún na nGall ó 1840 go 1923. Thig amharc ar an chartlann ach coinne a dhéanamh i gCartlann Chontae Dhún na nGall, Ionad na dTrí Abhainn, Leifear, Co Dhún na nGall, trí ríomhphost a sheoladh chuig archivist@donegalcoco.ie.

Thig amharc ar na cartlanna anseo

I Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall, An Cogadh Mór 1914-1918, tá ainmneacha na ndaoine uilig as Dún na nGall a fuair bás i rith an Chéad Chogadh Domhanda. Foilsíodh den chéad uair é in 2002 agus ba bhuaicphointe é ar obair chrua agus ar thiomantas Paddy Harte (Snr) agus Choiste Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall. Tá uasdátú agus athchló déanta ag Músaem Contae Dhún na nGall ar an 5ú eagrán den Leabhar Onóra. 

Tá taighde fairsing déanta ag Músaem Contae Dhún na nGall orthu siúd as Contae Dhún na nGall a bhí páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda. Bheadh muid sásta cuidiú leat le ceisteanna ar bith a bhaineann le Dún na nGall agus an Chéad Chogadh Domhanda.  

An bhfuil aon Eolas Nua agat? 

Má tá eolas breise ar bith agat faoi na fir agus na mná atá liostaithe i Leabhar Onóra Chontae Dhún na nGall nó má tá ainmneacha breise ar bith agat, seol ríomhphost chuig museum@donegalcoco.ie nó seol litir chuig Músaem Contae Dhún na nGall, an Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, Éire 

Le linn Phaindéim Covid-19, thug Músaem Contae Dhún na nGall agus Ionad Oibrithe Deonacha Dhún na nGall cuireadh do mhuintir Dhún na nGall le haghaidh ábhair, mar alt gairid nó grianghraif, ar an méid a fuair siad amach nó a d’aimsigh siad faoina gceantar. Fuair muid maoiniú chun leabhrán a fhoilsiú ón fheachtas ‘GO dTÉ TÚ SLÁN’, tionscnamh Éire Shláintiúil de chuid Rialtas na hÉireann le maoiniú ón Chiste Éire Shláintiúil. Tá an leabhrán ar fáil saor in aisce anois ó Mhúsaem Contae Dhún na nGall, ó leabharlanna ar fud an chontae agus ó Ionad Oibrithe Deonacha Dhún na nGall. Tá an foilseachán ar fáil anseo fosta:

Nocht agus Fiosraigh

In 2019 agus 2020, chomhoibrigh an Músaem le hAmharclann an Grianán agus leis an Ionad Cultúir Réigiúnach (RCC) i Leitir Ceanainn ar Reimagine, tionscadal de chuid Fhondúireacht Ailtireachta na hÉireann, a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Náisiúnta Cruthaitheachta Chlár Éire Ildánach. Is clár ailtireachta agus dearaidh faoi stiúir an phobail é Reimagine, a thugann pobail áitiúla, ailtirí, dearthóirí agus pleanálaithe le chéile le tionscadail a fhorbairt a chuirfidh leis an timpeallacht thógtha áitiúil.

Mar chuid de Reimagine Leitir Ceanainn, d’oibrigh na comhpháirtithe cultúrtha le Pasparakis Friel Architects, le comharthaí sealadacha agus marcóirí aimsithe bealaigh a dhearadh agus a chur isteach chun an nasc fisiciúil idir an Músaem, an Amharclann agus an RCC a chur chun cinn. D’fhorbair Pasparakis Friel an coincheap de cheathrú cultúrtha a nascann na foirgnimh seo atá anois mar chuid de phróiseas máistirphleanála Leitir Ceanainn 2040 faoi Green Connect Leitir Ceanainn.  

Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi Reimagine. 

Comórthaí 2024

In 2024, fuair an Chomhairle maoiniú €15,000 ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán do Chlár Comórtha 2024. Chuir an Rannóg Cultúir cúig thionscadal comórtha mhealltacha agus eolasacha ar fáil. 
 
Deich mBliana na gCuimhneachán Wainfest 2024

Bhí clár Deich mBliana na gCuimhneachán mar chuid de Wainfest 2024, a bhí á óstáil ag Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall. Rinne deich gceardlann, a bhí á stiúradh ag triúr éascaitheoirí, léargas ar stair shaibhir na tréimhse suntasaí seo agus bhí páistí scoile as achan chearn de Dhún na nGall páirteach ann. Bhí an staraí, an t-údar agus an léachtóir an Dr Angela Byrne ina óstach ar chaint faoin Chríochdheighilt i nDún na nGall 1921-1925; bhí sraith cainteanna ag an seandálaí agus bunaitheoir Claíomh (Músaem Stair Bheo na hÉireann) Dave Swift ar na tréimhsí ríthábhachtacha i stair na hÉireann a d’fhéach le Poblacht Éireannach neamhspleách a bhunú; spreag an t-údar Sheena Wilkinson léitheoirí óga le sraith ceardlann bunaithe ar a triológ stairiúil, 'Name upon Name,' 'Star by Star,' agus 'Hope.'

Baile Dhún na nGall 550: Comhdháil Staire agus Cuimhneacháin 24 Lúnasa 2024
 
An 24 Lúnasa, reachtáladh Baile Dhún na nGall 550: Stair agus Cuimhneachán, comhdháil staire lae saor in aisce san Óstán Lárnach, Baile Dhún na nGall. D’eagraigh na staraithe Helen Meehan MA, ó Chumann Staire Dhún na nGall agus an Dr Matthew Potter, as Baile Dhún na nGall ó dhúchas agus atá mar Choimeádaí Mhúsaem Luimnigh, é mar chuid de chlár Bhaile Dhún na nGall 550. 
 
Clár Eolais Ghairdín Cuimhneacháin Theach na mBocht

Tá Gairdín Cuimhneacháin Theach na mBocht Leitir Ceanainn suite in aice le Músaem Contae Dhún na nGall. Chríochnaigh Comhairle Contae Dhún na nGall athchóirithe in 2024 lena n-áirítear cosáin nua, suíocháin nua agus plandáil nua. Mar chuid den athchóiriú, cuireadh isteach 2 chlár eolais a léiríonn scéal an ghairdín agus an ceangal atá aige le hionad Theach na mBocht i Leitir Ceanainn a raibh ról tábhachtach aige i stair an cheantair ó lár na 1840idí. 
 
Taispeántas Mhná 100

Cuireann an taispeántas seo le Músaem Contae Dhún na nGall agus Cartlann Chontae Dhún na nGall spotsolas ar shaol na mban ó 1922 go 1980. Is minic a tugadh neamhaird ar an mhéid a chuir mná le stair na hÉireann. Trí na déantáin, na cartlanna agus na híomhánna sa taispeántas seo, amharcann muid ar an tionchar a bhí ar shaol na mban i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann. Sa taispeántas seo tá ábhair cosúil le Mná agus Sláinte; Mná agus Fostaíocht; Mná agus Polaitíocht. Cuireann muid san áireamh fosta na scéalta faoi thaithí laethúil na mban de réir mar a tháinig stát nua na hÉireann chun cinn, mar aon le scéalta na mban iontacha a bhí ar thús cadhnaíochta i réimsí cosúil le leigheas agus na heolaíochta. 
 
Glao Oscailte d’Ealaíontóirí

I ndiaidh glao oscailte d’ealaíontóirí freagra a thabhairt ar an treoir, roghnaíodh an t-ealaíontóir Marie Barret don choimisiún seo - WOMAN (100). Roghnaigh an t-ealaíontóir 20 bean thábhachtacha atá ag plé le forbairt pobail agus ceisteanna ceartais shóisialta a chur chun cinn i nDún na nGall faoi láthair. Mar chuid den tionscadal bhí comhoibriú le heagraíochtaí comhlacha: Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, Tionscadal Changemakers, Ardán Idirchultúrtha Dhún na nGall, Tionscadal Lucht Siúil Dhún na nGall, Comhar Ban Dhún na nGall.      

;