Skip to main content Skip to main content

Stair Fhoirgneamh an Mhúsaeim

Ar Ais go Tabhair Cuairt Orainn

Is é Músaem Chontae Dhún na nGall an t-aon fhoirgneamh atá fágtha d'ionad Theach na mBocht i Leitir Ceanainn. 

Dearadh Teach Oibre Leitir Ceanainn le cóiríocht a thabhairt do 500 príosúnach ag George Wilkinson, Ailtire do Choimisinéirí Dhlí na mBocht in Éirinn. Ba é £6,450 costas deiridh an fhoirgnimh móide £1,475 le haghaidh daingneáin agus feistis. 

Lean foirgnimh an Tí Oibre gnáthleagan amach Wilkinson. Bhí seomra do Dhoirseoir agus seomra feithimh sa lár i mbloc riaracháin agus i mbealach isteach ar an taobh thoir, agus bhí Seomra Boird na nGardaí ar an chéad urlár thuas (is é seo an foirgneamh ina bhfuil cuid den Mhúsaem anois). Bhí ceathrúna an Mháistir agus an Mátrúin sa lár sa phríomhbhloc lóistín, agus sciatháin fhir agus mhná ar gach taobh. Ag an chúl, bhí raon foirgneamh fóntais aon stóir ina raibh an chistin agus an teach níocháin agus bhí siad ceangailte leis an otharlann agus le bardaí na ndímheabhrach  trí dhroim lárnach ina raibh an séipéal agus an halla bia. 

Ceapadh George Langan mar an chéad Mháistir, agus ba é Cléireach Baile Leitir Ceanainn é chomh maith. Rinneadh Matrún dá bhean chéile Anne. Ba í Jane Thompson an Mháistreás Scoile.  Ar an 14 Márta 1845, ligeadh isteach 46 príosúnach. Bhí Teach Oibre Aontais Leitir Ceanainn á riaradh ag Bord Caomhnóirí go dtí a gcruinniú deireanach ar an 27 Deireadh Fómhair 1922. 

Ó mhí Lúnasa 1923 i leith, bhí cuid mhór den choimpléasc ar léas ag Watt and Co Ltd, Buidéalaithe Mórdhíola agus Monaróirí Uisce Mianraí Aeraithe. Sa bhliain 1948, athainmníodh an comhlacht mar LYMAC. Osclaíodh Ospidéal Fiabhrais sa Bhloc Fáiltithe ar an 28 Nollaig 1928 agus bhí sé ag feidhmiú go dtí 1954, nuair a rinneadh Ospidéal Máithreachais Naomh Áine de. Bhí sé seo ag feidhmiú go dtí 1960, nuair a bhog sé go dtí an tOspidéal Contae nua. Ina dhiaidh sin, bhí Oifigí Chomhairle Ceantair Uirbigh Leitir Ceanainn, brainse de Leabharlann an Chontae agus Innealtóir Cúnta an Chontae lonnaithe anseo, mar aon le hoifig a d’úsáid Clárlann na mBreitheanna, na mBásanna agus na bPóstaí. Baineadh úsáid as cuid den bhloc deiridh mar Íoclann ag an Dr Mc Ginley agus an Dr Scally. Bhí Club Dornálaíochta Leitir Ceanainn lonnaithe anseo go dtí lár na 1950idí. Ba é an suíomh ceanncheathrú na Cosanta Sibhialta Áitiúil ar feadh roinnt blianta fosta. Baineadh úsáid as mar chlós ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag Comhairle Ceantair Uirbigh Leitir Ceanainn chomh maith. 

Sa bhliain 1987, rinneadh an Bloc Fáiltithe a athchóiriú agus osclaíodh é mar Mhúsaem Contae Dhún na nGall. Cuireadh síneadh leis an Músaem agus osclaíodh é i 1991. Ar an 14 Eanáir 1988, leagadh foirgneamh an Tí Oibre (an príomhbhloc lóistín) le suíomh a dhéanamh do Stáisiún nua na nGardaí agus do Cheanncheathrú na Roinne ar Bhóthar an Líne Nua. 
 
 

 

;