Skip to main content Skip to main content

Suirbhé Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall

Ar Ais go Seandálaíocht Chontae Dhún na nGall

Ba é Contae Dhún na nGall an chéad chontae in Éirinn a ndearnadh suirbhé iomlán ar a shuíomhanna seandálaíochta agus d’fhoilsigh i bhfoirm leabhair é i 1983. Timpeall na bliana 1970, d’eagraigh Máiréad Dunlevy ó Chontae Dhún na nGall, a bhí ag obair in Ard-Mhúsaem na hÉireann, suirbhé ‘amaitéarach’ a rinne baill dheonacha de Chumann Staire Chontae Dhún na nGall. Sa bhliain 1979, mhol Dermot Walsh ó Eagraíocht Forbartha Réigiúnaí Dhún na nGall go gcuirfeadh Comhairle Contae Dhún na nGall an suirbhé ar bhonn gairmiúil ag baint úsáide as airgead ó Chiste Ráthaíochta Fostaíochta an rialtais. Fostaíodh thart ar 35 duine, céimithe óga seandálaíochta den chuid is mó, chun oibriú ar an togra. Ba é an Dr Brian Lacey stiúrthóir an togra. Rinneadh an obair allamuigh idir samhraí 1980 agus 1981. Rinneadh iniúchadh ar thart ar 4000 suíomh agus measadh gur dátaíodh 2,500 díobh roimh an dáta scoir roghnaithe, AD1700. I gcás inar iomchuí, rinneadh cur síos ar na suíomhanna, tarraingíodh iad, agus tógadh grianghraif díobh ar scannán 35mm.
 
Tá na Nótaí Allamuigh bunaidh, na líníochtaí suirbhéireachta agus na sleamhnáin i seilbh Mhúsaem Contae Dhún na nGall. Fuair an Músaem Maoiniú Maoirseachta Oidhreachta na Comhairle Oidhreachta leis na sleamhnáin agus na líníochtaí a dhigitiú agus taispeántas gaolmhar a chruthú ina n-insítear scéal Shuirbhé Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall. 

Cliceáil anseo le sampla de na sleamhnáin dhigitithe a fheiceáil 

;