
Réada Seandálaíochta a Thuairisciú
Déantar cur síos ar Réad Seandálaíochta mar réad, “cibé acu i staid mhonaraithe nó pháirtmhonaraithe nó i staid neamhmhonaraithe í, ar mó go mór a luach, mar gheall ar an leas seandálaíochta a ghabhann léi nó mar gheall ar an bhaint atá aici le haon ócáid nó duine stairiúil Éireannach, ná a luach intreach (lena n-áirítear luach ealaíne), agus folaíonn an abairt sin iarsmaí ársa duine, ainmhí nó planda”. Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1994.
Is leis an Stát gach réad seandálaíochta a fhaightear nach bhfuil úinéir aitheanta aige. Má thagann tú ar réad seandálaíochta, caithfidh tú é a thuairisciú d’Ard-Mhúsaem na hÉireann, d’Ard-Mhúsaem Ainmnithe (cosúil le Músaem Contae Dhún na nGall) nó do na Gardaí.
Réada Seandálaíochta a Thuairisciú
Láithreacha Seandálaíochta
I gContae Dhún na nGall, tá níos mó ná 3,000 suíomh ar Thaifead na Séadchomharthaí & Áiteanna agus tá an chuid is mó acu faoi úinéireacht phríobháideach. Tá suíomhanna i dTaifead na Séadchomharthaí & Áiteanna cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta (1930-2004). Má thagann tú ar shuíomh a chreideann tú nach bhfuil taifeadta, téigh i dteagmháil leis an Mhúsaem nó le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta.
Réada Seandálaíochta
Má thagann tú ar, nó má chreideann tú gur tháinig tú ar, réad seandálaíochta, caithfidh tú é a thuairisciú chuig Músaem Contae Dhún na nGall nó chuig Ard-Mhúsaem na hÉireann nó chuig do Stáisiún Garda áitiúil taobh istigh de 96 uair (4 lá).
Déan teagmháil leis an Mhúsaem ar 074 91 24613 nó ag museum@donegalcoco.ie le fáil amach an réad seandálaíochta atá sa réad atá aimsithe agat, agus cuirfidh muid comhairle ar fáil faoin phróiseas atá i gceist fosta.
Longa Báite
Foráiltear in alt 3(6) d’Acht 1987 (arna leasú) go gcaithfidh duine a thagann ar long báite atá níos sine ná 100 bliain d’aois é a thuairisciú don Aire nó don Gharda Síochána taobh istigh de cheithre lá. Foráiltear in alt 3 (6) d’Acht 1987 (arna leasú) fosta go gcaithfidh duine a thagann ar réad seandálaíochta atá suite ar ghrinneall na farraige, taobh istigh de ghrinneall na farraige nó faoi ghrinneall na farraige, nó ar thalamh nó i dtalamh atá clúdaithe le huisce, é a thuairisciú do Stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, músaem Ainmnithe (Músaem Contae Dhún na nGall mar shampla) nó do na Gardaí taobh istigh de cheithre lá.
Mar “Mhúsaem Ainmnithe” faoi Acht na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997 agus faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1994, tá Músaem Contae Dhún na nGall i dteideal, de réir an dlí, réada seandálaíochta a choinneáil thar ceann an Stáit.
Ní thabharfaidh Ard-Mhúsaem na hÉireann réada ar iasacht lena dtaispeáint ach amháin do Mhúsaeim Ainmnithe. Tá sé de chumhacht ag coimeádaithe Músaem Ainmnithe gníomhú thar ceann Stiúrthóir an Ard-Mhúsaem lena chinntiú go ndéantar réada a imscrúdú, a thuairisciú agus a chaomhnú mar mhaoin Stáit.
Cliceáil anseo le hamharc ar bhróisiúr ina bhfuil tuilleadh eolais faoi Mhúsaeim Ainmnithe in Éirinn
I gContae Dhún na nGall, tá níos mó ná 3,000 suíomh ar Thaifead na Séadchomharthaí & Áiteanna agus tá an chuid is mó acu faoi úinéireacht phríobháideach. Tá suíomhanna i dTaifead na Séadchomharthaí & Áiteanna cosanta faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta (1930-2004) agus léirítear iad ar na léarscáileanna páipéir trí iad a chur i gciorcal nó a chur i mboscaí le líne dhubh de réir mar is cuí.
Cliceáil anseo chun eolas a fháil ar na séadchomharthaí seandálaíocht atá i do cheantar.
Cosaint na Seandálaíochta
Tá eolas faoin tSeandálaíocht sa phróiseas Pleanála ar fáil anseo.
Nuair a bheartaíonn úinéir nó áititheoir réadmhaoine nó duine ar bith eile obair a dhéanamh, nó a chur ar siúl, nó a cheadú ag nó maidir le Séadchomhartha Taifeadta nó Séadchomhartha Cláraithe, caithfidh siad fógra i scríbhinn a thabhairt don Aire 2 mhí roimh thoiseacht ar an obair sin. Tá sé seo chun am a thabhairt do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta breithniú a dhéanamh ar na hoibreacha atá beartaithe agus cén dóigh is fearr a dhul ar aghaidh le cosaint an tséadchomhartha a chur chun cinn.
Tá Foirmeacha Seandálaíochta ar fáil anseo.
Tá úsáid Brathadóirí Miotail ag Láithreáin Seandálaíochta nó in aice leo á rialú ag Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 – 2004. Muna bhfuil iarratas déanta agat agus cead faighte agat faoi na hAchtanna thuas, tá sé in aghaidh an dlí brathadóir a bheith agat i láithreán nó in aice le láithreán atá faoi chosaint faoi na hAchtanna thuas. Tá sé in aghaidh an dlí fosta brathadóir a bheith agat chun rudaí seandálaíochta nó ‘taisce’ a lorg. Tá forálacha ann maidir le fíneáil agus príosúnacht má fhaightear ciontach sa chion seo faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 – 2004. Má thagann tú ar réad seandálaíochta le brathadóir agus tú ag sárú na srianta sin, thiocfadh go ndearnadh coireanna breise faoi na hAchtanna.
Tá tuilleadh comhairle maidir le húsáid Brathadóirí Miotail agus a dTionchar ar ár nOidhreacht Seandálaíochta le fáil anseo.
Tá Comhairle Ard-Mhúsaem na hÉireann ar an dlí a bhaineann le Brathadóireacht Miotail le fáil anseo.
Tá eolas ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ar Thaifid Láithreáin agus Séadchomharthaí (láithreáin seandálaíochta aitheanta) le fáil anseo.
Tá reachtaíocht láidir i bhfeidhm chun longa báite agus réada seandálaíochta a chosaint in uiscí teorann na hÉireann, sa chrios idirthaoideach agus taobh istigh de na huiscebhealaí intíre. Cosnaítear longa báite atá níos sine ná 100 bliain d’aois agus réada seandálaíochta atá faoi uisce, beag beann ar aois, go huathoibríoch. Tá tuilleadh eolais faoi Chosaint Long Bháite anseo.
Longa Báite
Thig le longa báite atá níos lú ná 100 bliain d’aois agus réada seandálaíochta nó suíomh féideartha loinge báite nó réad seandálaíochta den sórt sin a bheith cosanta fosta faoi Alt 3 den Acht 1987 (Leasú). Thig ordú oidhreachta faoi uisce a chur ar long báite nó ar réad má mheastar go bhfuil tábhacht stairiúil, seandálaíochta nó ealaíne leordhóthanach aige leis an chosaint sin a thuilleamh.
Tá eolas ar Orduithe Oidhreachta Faoi Uisce agus liosta Orduithe a rinneadh go dtí seo ar fáil in Orduithe Oidhreachta Faoi Uisce.
Tá Foirmeacha Seandálaíochta ar fáil anseo.