Skip to main content Skip to main content

Fionnachtana Seandálaíochta Dhún na nGall

Ar Ais go Seandálaíocht Chontae Dhún na nGall

Taisce Óir Thulaigh Uí Dhónaill Íochtarach 

Bhí Taisce Óir Thulaigh Uí Dhónaill Íochtarach ar cheann de na fionnachtana seandálaíochta ba shuaithinsí sa chontae. Thángthas ar an taisce óir iontach seo, ón Chré-Umhaois Dhéanach (1200 go 800 RCh) trí sheans i mí an Mheithimh 2018, nuair a bhí feirmeoirí ag feabhsú an draenála ag bun páirce ag Tulaigh Uí Dhónaill Íochtarach in Oirthear Dhún na nGall. Tháinig siad ar pholl beag clúdaithe le bollán ina raibh ceithre fháinne óir soladacha ag dul thar a chéile. Tá fáinní Thulaigh Uí Dhónaill i measc na dtaiscí óir slána is troime ar thángthas orthu riamh in Éirinn, a bhfuil meáchan díreach os cionn 4kg (8.8 bpunt) iontu. Bhí taisce óir Thulaigh Uí Dhónaill Íochtarach ar taispeáint i Músaem Contae Dhún na nGall i mí na Samhna 2019. Tá an taisce faoi chúram Ard-Mhúsaem na hÉireann anois 

Fear Bhaile Sheanaidh  

In 2003/2004, rinneadh oibreacha seandálaíochta a bhain le tógáil Sheachbhealach N15 nua Bhun Dobhráin-Bhéal Átha Seanaidh ar an bhealach chun gnéithe seandálaíochta nach bhfuil le feiceáil os cionn na talún a aithint. Thángthas ar fhionnachtana agus ar shuíomhanna as na tréimhsí is luaithe de lonnaíocht dhaonna in Éirinn, cosúil le conairí adhmaid ó dheas de Bhun Dobhráin agus iarsmaí tí iar-mheánaoise i bhFionnúir.  

Ar cheann de na rudaí ba thábhachtaí agus ba spreagúla ar thángthas orthu, bhí séipéal agus reilig mheánaoiseach ligthe i ndearmad i mBaile Sheanaidh i mBéal Átha Seanaidh. Nochtadh beagnach 1,300 cnámharlach. Ní raibh aon taifead scríofa ná béaloidis den láthair. 

Tugadh Fear Bhaile Sheanaidh ar cheann de na cnámharlaigh a tochlaíodh - cnámharlach fir idir 25-35 bliain d’aois. Cnámharlach iontach neamhchoitianta atá ann mar go léiríonn sé fianaise go raibh an fear ag fulaingt le riocht géiniteach ar a dtugtar oistéacondrómatóis, rud a fhágann go bhfásann meallta nimhneacha ach neamhurchóideacha ar na cnámha. Níl ach 6 shampla seandálaíochta ar fud an domhain. Bhí an cnámharlach ar taispeáint sa mhúsaem in 2006 mar chuid den taispeántas Lost and Found - Discovering the Past on the N15 Bundoran to Ballyshannon Bypass. 

;