Skip to main content Skip to main content

Foilseacháin

Ar Ais go Oideachas agus foghlaim

Foilseacháin

Tá réimse foilseacháin curtha i dtoll a chéile ag an Mhúsaem atá ar fáil saor in aisce. 

Tá cóipeanna crua de na foilseacháin seo a leanas ar fáil ón Mhúsaem: 

•    Ó Choimhlint go Deighilt: Dún na nGall 1919-1925
•    Nocht agus Fiosraigh Dún na nGall
•    Do Mhuintir i nDún na nGall - Treoir fá dtaobh d’Fhoinsí Ginealais
•    Contae Dhún na nGall i 1916: Ón Imeall

Foilseacháin ar Líne

Chruthaigh Músaem Contae Dhún na nGall, i gcomhar le Seirbhís Cartlainne an Chontae, an foilseachán seo ar stair Thithe na mBocht
i gContae Dhún na nGall ag baint úsáid as taifid Theach na mBocht atá i gCartlann Dhún na nGall agus foinsí éagsúla eile. Déanann muid iniúchadh san fhoilseachán seo ar bhlianta tosaigh Thithe na mBocht i nDún na nGall agus scrúdaíonn muid na blianta deireanacha de chóras Dhlí na mBocht.

Is foinse fhíorluachmhar iad taifid Thithe na mBocht i nDún na nGall chun staidéar a dhéanamh ar stair áitiúil, teaghlaigh agus acadúil
na hÉireann, ó ré an Ghorta Mhóir go dtí bunú Shaorstát Éireann in 1922.

Léigh an leabhrán ‘Tithe na mBocht i nDún na nGall’ anseo.

Leabhrán Thithe na mBocht i nDún na nGall - Deich mBliana na gComórthaí

Tharla Cath Phaiteagó/Bhéal Leice feadh Theorainn Dhún na nGall/Fhear Manach go mall i mí Bealtaine, go luath i mí an Mheithimh 1922 sa tréimhse idir Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. Ba é seo an uair dheireanach a throid Fórsaí ar thaobh an Chonartha agus in éadan an Chonartha taobh le taobh in aghaidh fhórsaí na Breataine. Ba é seo an t-aon áit in Éirinn ina raibh fórsaí na hÉireann ag dul i ngleic le fórsaí na Breataine i dtroid cheart le líne chatha ar leith, agus an chéad uair ó Éirí Amach na Cásca a úsáideadh airtléire throm in Éirinn.

Reáchtáil Músaem Contae Dhún na nGall ócáid chomórtha i bPaiteagó agus i mBéal Leice Dé Sathairn 28Bealtaine 2022, ag obair ar bhonn trasteorann le Músaem Contae Fhear Manach. Mar chuid den imeacht, bhí cainteanna ó chainteoirí náisiúnta agus áitiúla, an chéad taibhiú de bheochan a coimisiúnaíodh go speisialta mar chuid den Tionscadal Réaltachtaí Teorann, arna mhaoiniú ag Clár Éire Ildánach, Scoil Scairte History Ireland agus turas siúlóide thart ar an cheantar.  I measc na gcainteoirí bhí an Dr Éamon Phoenix, an Dr Edward Burke, an Dr Margaret O’Callaghan agus staraithe áitiúla, Jimmy Baird, John Cunningham, agus Pauline Gilmartin. 

Amharc ar an leabhrán a cruthaíodh don imeacht anseo: 

Cath 26 05 Aistrithe

Mhaoinigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ócáid chomórtha seo faoi Shraith Phobail de Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán 2022.

Chun tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil le Músaem Chontae Dhún na nGall, an Bóthar Ard, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall T 074 9124613 R museum@donegalcoco.ie

Chuaigh Músaem Contae Dhún na nGall i gcomhpháirtíocht le hIonad Oibrithe Deonacha Dhún na nGall le linn Phaindéim Covid 19 i mí na Nollag 2020 le tionscadal pobail ‘Do Cheantar a Nochtadh agus a Athaimsiú’ a chruthú. Spreag an tionscadal pobail seo rannpháirtithe an tionscadail leis an mhéid a d’aimsigh siad nó a fuair siad amach faoina gceantar féin agus a sinsir a roinnt linn.  Tháinig na haighneachtaí leathana éagsúla a fuair muid ó gach cearn de Chontae Dhún na nGall, Shasana agus SAM agus cuireadh le chéile iad i leabhrán a chruthaigh agus a chuir Músaem Contae Dhún na nGall in eagar. Tá cóipeanna den leabhrán ar fáil saor in aisce i Músaem Contae Dhún na nGall agus in Ionad Oibrithe Deonacha Dhún na nGall.

Chuir an Ciste Athléimneachta Pobail maoiniú ar fáil don leabhrán seo mar chuid den fheachtas “GO dTÉ TÚ SLÁN” de chuid Éire Shláintiúil.

Nocht agus Fiosraigh

Le tuilleadh eolais a fháil faoi obair Ionad Oibrithe Deonacha Dhún na nGall, gabh chuig 
 
•    https://volunteerdonegal.ie/
•    https://www.facebook.com/donegalvolunteercentre

Le heolas a fháil ar thionscnaimh Éire Shláintiúil, féach

•    https://www.gov.ie/en/campaigns/healthy-ireland

Le heolas a fháil faoi Dhún na nGall Sláintiúil, gabh chuig:

•    http://www.donegalcoco.ie/community/healthydonegal
•    https://www.facebook.com/HealthyDonegal
•    https://www.instagram.com/healthy_donegal/
•    https://twitter.com/HealthyDonegal

Achan seans go bhfuil an tréimhse 1919-1925 ar cheann de na tréimhsí is tábhachtaí i stair na hÉireann. D’athraigh na himeachtaí a tharla oileán na hÉireann agus bhí oidhreacht bhuan acu ar pholaitíocht agus ar shochaí na hÉireann go dtí an lá inniu. Déanann an foilseachán seo cur síos ar imeachtaí na tréimhse achrannaí seo inár stair agus an tionchar a bhí aici ar Dhún na nGall.

Is iad Caroline Carr agus Judith McCarthy, Músaem Contae Dhún na nGall, an Rannóg Cultúir, Comhairle Contae Dhún na nGall a scríobh agus a chuir an leabhrán in eagar. Fuair an leabhrán tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi thionscnamh Dheich mBliana na gCuimhneachán 2012-2023 agus ón chlár Éire Ildánach 2017 -2022.

Ó Choimhlint go Deighilt: Dún na nGall 1919 - 1925 

 

;