
Taighde
Cén dóigh a bhfaighidh mé rochtain mar thaighdeoir?
Tá fáilte roimh thaighdeoirí. Tig leat coinne a shocrú le cuairt a thabhairt trí theagmháil a dhéanamh linn ar an fhón, ríomhphost nó trí ghlaoch isteach chuig an músaem.
An gcuireann muid seirbhís ginealais ar fáil?
Ní dhéanann Músaem Contae Dhún na nGall taighde ar stair theaghlaigh thar ceann an phobail. Mar sin féin, tig linn comhairle a chur ar fáil maidir le taighde ar stair áitiúil agus ar stair theaghlaigh. Le cuidiú le taighde ar stair theaghlaigh, tá foilseachán acmhainní forbartha againn – Do Mhuintir i nDún na nGall.