Skip to main content Skip to main content

Ceisteanna Coitianta

Ar Ais go Fúinn

Ceisteanna Coitianta

Tá an Músaem lonnaithe ar an Bhóthar Ard i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, Éire. Tá sé i seanfhoirgneamh cloiche a bhí tráth mar chuid de Theach Oibre Leitir Ceanainn agus atá suite in aice le foirgneamh Oifig Intreo  

Níl. Tá cead isteach saor in aisce don phobal ar fad sa Mhúsaem 

Luan – Aoine 10.00am – 4.30pm (10.00am - 16.30pm)  
Satharn      1.00pm – 4.30pm (13.00pm – 16.30pm)
Dúnta don lón       12.30pm - 1.00pm (12.30pm – 13.00pm) 
Oscailte le linn na bliana ar fad  
Dúnta ar laethanta saoire poiblí  
Cead isteach saor in aisce   

Tá an Músaem suite i seanfhoirgneamh cloiche, a bhí tráth mar chuid de Theach Oibre Leitir Ceanainn a osclaíodh sa bhliain 1844. Insíonn an taispeántas sa ghailearaí ar an chéad urlár scéal Dhún na nGall ón Réamhstair go dtí an Fichiú haois. 

Sa ghailearaí ar an bhunurlár, reáchtálann muid sraith taispeántas sealadach i rith na bliana, a chlúdaíonn raon leathan topaicí. Chomh maith leis sin, bíonn sraith cainteanna agus imeachtaí ar siúl sa Mhúsaem i rith na bliana ar ábhair chomh héagsúil le stair, geolaíocht, seandálaíocht agus flóra agus fána. 

Tá Suirbhé Seandálaíochta Dhún na nGall suite sa Mhúsaem chomh maith. Tá nótaí allamuigh, léarscáileanna, pleananna agus sleamhnáin na suíomhanna agus na séadchomharthaí atá liostaithe sa suirbhé seandálaíochta a foilsíodh i 1983 sa suirbhé seo. Tig leis an phobal na comhaid bhunaidh a fheiceáil trí choinne.  Tá na sleamhnáin, na léarscáileanna agus na líníochtaí bunaidh den suirbhé seandálaíochta atá ar fáil ar líne digitithe againn.  

Faigheann an Músaem maoiniú ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. Is cuid de Rannóg Chultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall Músaem Contae Dhún na nGall. Cuireann an Rannán Cultúir seirbhísí ar fáil don phobal i réimse na Leabharlanna Poiblí, na Seirbhíse Ealaíon Contae, an Ionaid Chultúrtha Réigiúnaigh, Músaem Contae Dhún na nGall, an Oifig Oidhreachta agus Seirbhís Cartlainne Chontae Dhún na nGall.  

Mar “Mhúsaem Ainmnithe”, tá sé de cheart ag Músaem Contae Dhún na nGall de réir dlí réada a choinneáil thar ceann an Stáit. Is leis an Stát gach réad seandálaíochta a fhaightear nach bhfuil úinéir aitheanta aige. Ní mór achan fhionnachtain den chineál sin a thuairisciú do Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann nó do Mhúsaem Ainmnithe m.sh., Músaem Contae Dhún na nGall.  Más rud é go bhfuil tábhacht áitiúil den chuid is mó leis an réad, coimeádfar i Músaem Contae Dhún na nGall é chun críocha oideachais nó taispeána. 

;