Skip to main content Skip to main content

Fúinn

Ar Ais go Músaem

Fáilte!

Fáilte go Músaem Contae Dhún na nGall áit ar féidir leat seandálaíocht, stair agus cultúr Chontae Dhún na nGall a fhiosrú.

Is cuid de Rannóg Chultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall Músaem Contae Dhún na nGall. Tá an Músaem lonnaithe i seanfhoirgneamh cloiche, a bhíodh mar chuid de Theach Oibre Leitir Ceanainn. Insíonn an taispeántas sa ghailearaí ar an chéad urlár scéal Chontae Dhún na nGall ón Réamhstair go dtí an Fichiú haois. Sa ghailearaí ar an bhunurlár, reáchtálann muid sraith taispeántas sealadach gach bliain. Eagraíonn an Músaem clár imeachtaí éagsúil lena n-áirítear cainteanna, turais agus ceardlanna.  Tá cúram á dhéanamh de bhailiúchán atá ag fás i gcónaí de bhreis is 8,000 déantán a léiríonn raon leathan tréimhsí agus topaicí ag Músaem Contae Dhún na nGall. 

Tuilleadh Eolais

Is “Músaem Ainmnithe” é Músaem Contae Dhún na nGall, faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1994, agus Acht na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997. Is ionann sin is a rá go bhfuil sé i dteideal de réir dlí réada a choinneáil thar ceann an Stáit. Is leis an Stát gach réad seandálaíochta a fhaightear nach bhfuil úinéir aitheanta aige. Ní mór achan fhionnachtain den chineál sin a thuairisciú do Mhúsaem Náisiúnta na hÉireann nó do Mhúsaem Ainmnithe m.sh., Músaem Contae Dhún na nGall.  

Bíonn réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí poiblí ar siúl inár spás ilfheidhmeach, lena n-áirítear ceardlanna, cruinnithe, taispeántais scannán agus léachtaí. Rinneadh páirtmhaoiniú ar an spás faoin Scéim Caipitil Ealaíon agus Cultúir 2016-2018 faoin Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. 

Tá Suirbhé Seandálaíochta Chontae Dhún na nGall lonnaithe i Músaem Contae Dhún na nGall. Tá na nótaí allamuigh bunaidh, léarscáileanna, pleananna agus sleamhnáin de na suíomhanna agus na séadchomharthaí atá liostaithe sa suirbhé seandálaíochta a foilsíodh i 1983 sa tsuirbhé cheannródaíoch seo. Tig le baill den phobal na comhaid bhunaidh a fheiceáil ach coinne a dhéanamh. Tá na sleamhnáin, na léarscáileanna agus na líníochtaí bunaidh den tsuirbhé seandálaíochta atá ar fáil ar líne digitithe againn. 

Cliceáil anseo chun sampla de na sleamhnáin dhigitithe a fheiceáil

Tá Cartlann Scannán an Iarthuaiscirt ar fáil lena féachaint saor in aisce sa Mhúsaem. Tá réimse leathan ábhar scannán a bhaineann le contaetha Dhoire agus Dhún na nGall sa chartlann dhigiteach seo. Tá breis is 90 uair an chloig de chláir, cláir faisnéise, príomhscannáin, gearrscannáin agus píosaí scannáin nuachta ó chuid de na príomhchainéil teilifíse chomh maith le scannáin amaitéarach Super 8 agus físeáin bhaile a théann siar breis is 50 bliain

Is bailiúchán digiteach uathúil d’ábhar cartlainne a bhaineann le hoileáin Chontae Dhún na nGall é Cartlann Scannán agus Raidió Oileáin Dhún na nGall. Tá breis is 50 uair an chloig de scannáin, teilifís agus físeán sa chartlann i bhfoirm 94 mhír ar leithligh amhail nuachtáin, nuacht teilifíse, cláir faisnéise agus scannáin bhaile ó na 1950idí go dtí an lá atá inniu ann. Tig amharc ar an chartlann saor in aisce sa Mhúsaem.

Bronnadh Creidiúnú Iomlán ar Mhúsaem Contae Dhún na nGall i gClár Caighdeán Músaem na hÉireann (MSPI) de chuid Chomhairle Oidhreachta Dhún na nGall.

Bhunaigh an Chomhairle Oidhreachta an MSPI le caighdeáin ghairmiúla a chur chun cinn agus le haitheantas a thabhairt trí chreidiúnú gur baineadh amach na caighdeáin sin in earnáil na músaem in Éirinn. Áirítear leis na caighdeáin seo réimsí ar nós bainistíocht músaeim, cúram bailiúchán, doiciméadú, taispeántais agus oideachas.  Fuair an músaem a theastas creidiúnaithe eatramhach in 2008, a theastas creidiúnaithe iomlán in 2012 agus ansin fuair sé teastas le cothabháil na gcaighdeán a dhearbhú in 2016 agus arís in 2023. 

Is ball de Líonra Músaem na nÚdarás Áitiúil (LAMN) é Músaem Contae Dhún na nGall.

;