Skip to main content Skip to main content

Podchraoltaí

Ar Ais go Deich mBliana na gCuimhneachán

Léiríodh na podchraoltaí seo a leanas mar chuid de chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán: 

Chruthaigh Músaem Contae Dhún na nGall i gcomhar le Cartlanna Contae Dhún na nGall agus i gcomhpháirtíocht le Highland Radio News and Sport a gcéad sraith Clár Faisnéise Raidió riamh, arna maoiniú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Craoladh na cláir faisnéise ar Highland Radio agus bhí Michaela Clarke, Highland Radio, i mbun comhrá le Judith McCarthy, Caroline agus Niamh Brennan:

'UNTOLD - Donegal Women le Caroline Carr, Músaem Contae Dhún na nGall i mbun comhrá le Michaela Clarke.  

Éist mar a dhéanann Caroline iniúchadh ar scéalta na mban i nDún na nGall le linn Chogadh na Saoirse agus an Chogaidh Chathartha. Clúdaíonn a cuid cainte iad siúd a ghlac páirt ghníomhach i gCogadh na Saoirse cosúil le hEithne Coyle, foréigean in aghaidh na mban agus na bpáistí agus an tionchar a bhí ar shaol laethúil na mban i nDún na nGall le linn na tréimhse suaite seo dár stair.  

Éist anseo  

‘From Behind The Walls, Stories of First World War: Donegal Casualties & Survivors' le Judith McCarthy, Músaem Contae Dhún na nGall

Éist le Judith agus í ag nochtadh scéalta daoine a gortaíodh agus daoine eile a tháinig slán ón Chéad Chogadh Domhanda ina cuid cainte ‘From Behind the Walls’. Trí úsáid a bhaint as taifid ó institiúidí cosúil le Tithe na mBocht agus Teach na nGealt Cheantar Dhún na nGall, déanann Judith iniúchadh ar an mhéid a tharla do chuid acu siúd as Contae Dhún na nGall a chuaigh fríd tráma, gortú agus bás le linn an Chogaidh Mhóir agus ina dhiaidh.
  
Éist anseo  

Donegal Claims and Compensation – The Irish Grant Committee leis an Dr Niamh Brennan, Cartlann Chontae Dhún na nGall 

Éist leis an Dr Niamh Brennan, a dhéanann a dhícheall ceisteanna a fhreagairt faoi cé hiad na dílseoirí ó dheas agus caidé a tharla dóibh le linn bhlianta na Réabhlóide? Caidé a bhí i gCoiste Deontas na hÉireann, cad é mar a chuidigh sé le dídeanaithe agus cad chuige? Bunaíodh Coiste Anró na hÉireann (IGC) in 1922, a rinneadh ina dhiaidh sin mar Choiste Deontas na hÉireann i Márta 1923, i Londain le cuidiú a chur ar fáil do dhídeanaithe a tháinig ó Éirinn go Sasana, ach leathnaigh siad a ghníomhaíochtaí níos moille le hiasachtaí a cheadú do dhaoine a raibh éilimh bhailí i gcoinne Rialtas na Breataine nó Rialtas na hÉireann acu. Rinne an IGC imscrúdú ar éilimh chúitimh agus thug sé cúiteamh do na mílte duine.  
  
Éist anseo  

‘Drumboe - The Last Letters’ - Caroline Carr,  Músaem Contae Dhún na nGall

Éist le Caroline agus í ag caint faoi ghabháil, Armchúirt agus cur chun báis na ndaoine ar tugadh Mairtírigh Dhroim Bó orthu i Márta 1923.   
 
Éist anseo  

Leabharlann
   
Chuir an tSeirbhís Leabharlainne 6 phodchraoladh ar fáil mar chuid de Chomóradh Deich mBliana na gCuimhneachán. 
 
1.    An Dr Sean Beattie – Michael Collins and the formation of the Garda Síochana
2.    Caroline Carr – ‘Untold@ Donegal women during the revolutionary period
3.    Tom Plunkett – Chronicling Mid-west Donegal. 
4.    Seoirse O’Dochartaigh – Pearse’s Vision, A new Ireland – expressed through music.
5.    Seosamh O’Ceallaigh – Aspects of the War of Independence in Cloughaneely
6.    An Dr Niamh Brennan – The Treaty 1921 – Records from the Archives 

Músaem Chontae Dhún na nGall

Léiríodh na podchraoltaí seo a leanas mar chuid de chomóradh ar Chath Phaiteagó/Bhéal Leice:
    
•    Podchraoladh -  an Dr Éamon Phoenix, ‘Raids, Reprisals and the Boundary Question: From the Clones Affray to Craig-Collins Pacts, the Battle of Pettigo and the Civil War, 1922’ 
•    Podchraoladh - an Dr Edward Burke, ‘Operation Basil: The British Army’s Offensive in Belleek and Pettigo’ 
•    Podchraoladh ar dhíospóireacht phainéil na Scoile Scairte 

 

;